+Airteagal 428s Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %
---+Airteagal 428s 1.
---+Airteagal 428s 2.

Airteagal 428s Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428s 1.

Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 %:

(a) 

scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 5 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta á gcomhlíonadh acu de réir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin nó ná bíodh;

(b) 

airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais, i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 428r(1);

(c) 

an chuid neamhtharraingthe de na saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(d) 

táirgí a bhaineann le maoiniú trádála lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí acu.

Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.

Airteagal 428s 2.
Maidir le tacair ghlanluachála uile na gconarthaí díorthach, cuirfidh institiúidí fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 5 % i bhfeidhm ar luach cóir absalóideach thacair ghlanluachála na gconarthaí díorthach sin, an chomhthaobhacht a bhreactar san áireamh, i gcás ina bhfuil luach cóir diúltach ag na tacair ghlanluachála sin. Chun críocha na míre seo, cinnfidh institiúidí an luach cóir mar oll fhoirmiú aon chomhthaobhacht a bhreactar nó socraíochta nó íocaíochtaí agus fáltais a bhaineann le luacháil ar an margadh athruithe ar na conarthaí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.