+Airteagal 430a Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú
---+Airteagal 430a 1.
---+Airteagal 430a 2.
---+Airteagal 430a 3.

Airteagal 430a Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 430a 1.

Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar na mionsonraí comhiomlána seo a leanas maidir le gach margadh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad neamhchosanta:

(a) 

caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;

(b) 

caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;

(c) 

luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine cónaithe;

(d) 

caillteanas a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 55 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(9), i gcás inarb infheidhme;

(e) 

caillteanas foriomlán a eascraíonn as neamhchosaintí a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, i ngach cás suas go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála;

(f) 

luach neamhchosanta na neamhchosaintí uile atá gan íoc a bhfuil réadmhaoin dhochorraithe tráchtála aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith i ngach cás go dtí an tsuim is ísle den mhéid atá curtha i ngeall agus 100 % de luach réadmhaoine na réadmhaoine dochorraithe tráchtála.

Airteagal 430a 2.
Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta. Déanfar na sonraí a thuairisciú go leithleach do gach margadh maoine dochorraithe laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha ar ris ina leith.
Airteagal 430a 3.
Foilseoidh na húdaráis inniúla go bliantúil, ar bhonn comhiomlánaithe, na sonraí a shonraítear i mír 1, pointí (a) go (f), mar aon le sonraí stairiúla, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, maidir le gach margadh réadmhaoine dochorraithe náisiúnta ar bailíodh na sonraí sin ina leith. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí réadmhaoine cónaithe nó réadmhaoine dochorraithe tráchtála sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.