+Airteagal 437 Nochtadh cistí dílse

Airteagal 437 Nochtadh cistí dílse

Airteagal 437

Nochtadh cistí dílse

Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir lena gcistí dílse:

(a) 

réiteach iomlán ar ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 agus na scagairí agus na hasbhaintí a chuirtear i bhfeidhm maidir le cistí dílse na hinstitiúide de bhun Airteagail 32 go 36, Airteagail 56, 66 agus 79, agus an clár comhardaithe i ráitis airgeadais iniúchta na hinstitiúide;

(b) 

tuairisc ar na príomhghnéithe d'ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag an institiúid;

(c) 

téarmaí agus coinníollacha iomlána gach ionstraime de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2;

(d) 

nochtadh ar leithligh ar chineál agus ar mhéideanna na nithe seo a leanas:

(i) 

gach scagaire stuamachta a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagail 32 go 35;

(ii) 

ítimí a asbhaintear de bhun Airteagal 36, Airteagal 56, Airteagal 66;

(iii) 

ítimí nach n-asbhaintear de bhun Airteagail 47, 48, 56, 66 agus 79;

(e) 

tuairisc ar na srianta go léir a chuirtear i bhfeidhm maidir le ríomh cistí dílse i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hionstraimí, scagairí stuamachta agus na hasbhaintí a bhfuil feidhm ag na srianta sin maidir leo;

(f) 

míniú cuimsitheach ar an mbonn ar a ríomhtar cóimheasa caipitil i gcás go ríomhtar na cóimheasa caipitil sin ag úsáid eilimintí de chistí dílse arna gcinneadh ar bhonn seachas é sin a leagtar síos sa Rialachán seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.