+Airteagal 439 ►C12Neamhchosaint◄ar►C12riosca◄creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh

Airteagal 439 ►C12Neamhchosaint◄ar►C12riosca◄creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh

Airteagal 439

►C12  Neamhchosaint ◄ ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí a nochtadh

Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis seo a leanas maidir lena ►C12  neamhchosainti ◄ ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí:

(a) 

tuairisc ar an modheolaíocht a úsáidtear chun teorainneacha inmheánacha le caipiteal agus creidmheas a shannadh do ►C12  neamhchosainti ◄ ar chreidmheas an chontrapháirtí, lena n-áirítear na modhanna chun na teorainneacha sin le ►C12  neamhchosainti ◄ ar chontrapháirtithe lárnacha a shannadh;

(b) 

tuairisc ar bheartais a bhaineann le ráthaíochtaí agus maolaitheoirí ►C12  riosca ◄ creidmheasa, amhail na beartais chun comhthaobhacht a aimsiú agus cúlchistí creidmheasa a bhunú;

(c) 

tuairisc ar bheartais i dtaca le ►C12  riosca ◄ Ginearálta Comhghaolmhaireachta agus ►C12  Sainriosca Comhghaolmhaireachta ◄ mar a shainmhínítear in Airteagal 291;

(d) 

méid na comhthaobhachta a bheadh ar an institiúid a chur ar fáil dá ndéanfaí a rátáil creidmheasa a íosghrádú;

(e) 

méid na comhthaobhachta leithscartha agus neamh-leithscartha a fhaightear agus a dhéantar a bhreacadh de réir chineál na comhthaobhachta, arna mhiondealú tuilleadh idir comhthaobhacht a úsáidtear d'idirbhearta díorthach agus idirbhearta um maoiniú urrús;

(f) 

i leith idirbhearta díorthacha, luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ roimh agus tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C12  riosca ◄ creidmheasa mar a chinntear faoi na modhanna a leagtar amach i Roinn 3 go Roinn 6 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cibé modh is infheidhme, agus na méideanna gaolmhara ►C12  neamhchosainta ◄ ar phriacal arna miondealú de réir an mhodha is infheidhme;

(g) 

i leith idirbhearta maoinithe urrús, luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ roimh agus tar éis éifeacht an mhaolaithe ►C12  riosca ◄ creidmheasa mar a chinntear faoi na modhanna a leagtar amach i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, cibé modh a úsáidtear, agus na méideanna gaolmhara ►C12  neamhchosainta ◄ ar phriacal arna miondealú de réir an mhodha is infheidhme;

(h) 

luachanna na ►C12  neamhchosainta ◄ tar éis éifeachtaí maolaithe ►C12  riosca ◄ creidmheasa agus na ►C12  neamhchosainti ◄ ►C12  riosca ◄ gaolmhara le haghaidh na muirear caipitil maidir le coigeartú luachála creidmheasa, ar leithligh do gach modh mar a leagtar amach i dTeideal VI de Chuid a Trí;

(i) 

luach na ►C12  neamhchosainta ◄ ar chontrapháirtithe lárnacha agus na ►C12  neamhchosainti ◄ gaolmhara ►C12  riosca ◄ laistigh de raon feidhme Roinn 9 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, ar leithligh do chontrapháirtithe lárnacha cháilitheacha agus neamhcháilitheacha, arna mhiondealú de réir cineálacha ►C12  neamhchosainti ◄ ;

(j) 

na méideanna barúlacha agus luach cóir idirbhearta díorthach creidmheasa; déanfar idirbhearta díorthach creidmheasa a mhiondealú de réir chineál an táirge; laistigh de gach cineál táirge, déanfar idirbhearta díorthaigh creidmheasa a mhiondealú tuilleadh trí chosaint creidmheasa a cheannaítear agus trí chosaint creidmheasa a dhíoltar;

(k) 

an meastachán ar alfa i gcás go bhfuair an institiúid an cead ó na húdaráis inniúla chun a meastachán féin ar alfa a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 284(9);

(l) 

ar leithligh, na nochtuithe a áirítear i bpointe (e) d'Airteagal 444 agus i bpointe (g) d'Airteagal 452;

(m) 

I leith institiúidí a úsáideann na modhanna a leagtar amach i Ranna 4 go 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí, méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme.

I gcás ina gcuireann banc ceannais Ballstáit cúnamh leachtachta ar fáil, i bhfoirm idirbhearta babhtála comhthaobhachta, féadfaidh an t-údarás inniúil institiúidí a dhíolmhú i leith na gceanglas i bpointí (d) agus (e) den chéad fhomhír, i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil sin go bhféadfadh sé, dá nochtfaí an fhaisnéis dá dtagraítear ansin, go léireofaí go rabhthas tar éis cúnamh leachtachta éigeandála a chur ar fáil. Chun na gcríoch sin, leagfaidh an t-údarás inniúil amach tairseacha iomchuí agus critéir oibiachtúla.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.