+Airteagal 452 Nochtadh úsáid an Chur Chuige IRB do►C12riosca◄creidmheasa

Airteagal 452 Nochtadh úsáid an Chur Chuige IRB do►C12riosca◄creidmheasa

Airteagal 452

Nochtadh úsáid an Chur Chuige IRB do ►C12  riosca ◄ creidmheasa

Déanfaidh institiúidí a ríomhann méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ faoin gCur Chuige IRB an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:

(a) 

an cead a thugann an t-údarás inniúil don chur chuige nó don aistriú faofa;

(b) 

i gcás gach aicme ►C12  neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 147, an céatadán de luach iomlán na ►C12  neamhchosainta ◄ do gach aicme ►C12  neamhchosainta ◄ atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe a leagtar síos i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí nó faoi réir an Chur Chuige IRB a leagtar síos i gCaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, agus don chuid de gach aicme ►C12  neamhchosainta ◄ atá faoi réir plean um fheidhmiú céimneach; i gcás ina bhfuil cead faighte ag institiúidí a LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartaithe féin a úsáid chun méideanna ►C12  neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a ríomh, nochtfaidh siad ar leithligh an céatadán de luach iomlán na ►C12  neamhchosainta ◄ do gach aicme ►C12  neamhchosainta ◄ atá faoi réir an cheada sin;

(c) 

na sásraí rialaithe do chórais rátála ag na céimeanna éagsúla i bhforbairt, rialuithe agus athruithe na samhla, agus áireofar air sin faisnéis faoin méid seo a leanas:

(i) 

an gaol idir feidhm an bhainistithe ►C12  riosca ◄ agus feidhm na hiniúchóireachta inmheánaí;

(ii) 

an t-athbhreithniú ar an gcóras rátála;

(iii) 

an nós imeachta chun a áirithiú maidir leis an bhfeidhm a bheidh i gceannas ar athbhreithniú a dhéanamh ar na samhlacha, go mbeidh sí neamhspleách ar na feidhmeanna a bheidh freagrach as na samhlacha a fhorbairt;

(iv) 

an nós imeachta chun go n-áiritheofar cuntasacht na bhfeidhmeanna a bheidh i gceannas ar fhorbairt na samhlacha agus ar athbhreithniú a dhéanamh orthu;

(d) 

ról na bhfeidhmeanna atá rannpháirteach i bhforbairt, formheas agus aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na samhlacha ►C12  riosca ◄ creidmheasa;

(e) 

raon feidhme agus príomhábhar an tuairiscithe a bhaineann le samhlacha ►C12  riosca ◄ creidmheasa;

(f) 

tuairisc ar an bpróiseas rátála inmheánaí de réir aicme ►C12  neamhchosaint ◄ , lena n-áirítear líon na bpríomhshamhlacha a úsáidtear i ndáil le gach punann agus plé gearr ar na difríochtaí is mó idir na samhlacha atá laistigh den phunann chéanna, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

(i) 

na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar PD, lena n-áireofar faisnéis faoin gcaoi a ndéantar meastachán ar PDanna do phunanna ísealmhainneachtana, cé acu atá nó nach bhfuil íosrátaí rialála ann agus na spreagthaí le haghaidh difríochtaí a thugtar faoi deara idir PD agus rátaí mainneachtana iarbhír ar a laghad le haghaidh na dtrí thréimhse dheireanacha;

(ii) 

i gcás inarb infheidhme, na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar LGD, amhail modhanna chun LGD géarchoir a ríomh, conas a dhéantar meastachán ar LGDanna do phunanna ísealmhainneachtana agus an t-achar ama idir an teagmhas mainneachtana agus dúnadh na ►C12  neamhchosainta ◄ ;

(iii) 

i gcás inarb infheidhme, na sainmhínithe, na modhanna agus na sonraí chun meastachán agus bailíochtú a dhéanamh ar na fachtóirí coinbhéartaithe creidmheasa, lena n-áirítear na toimhdí a úsáidtear chun na hathróga sin a dhíorthú;

(g) 

de réir mar is infheidhme, an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach aicme ►C12  neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 147:

▼C12

(i) 

a n-oll-neamhchosaint laistigh den chlár comhardaithe;

▼M8

(ii) 

a luachanna ►C12  neamhchosainta ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe roimh an bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha;

(iii) 

a ►C12  neamhchosaint ◄ tar éis an fachtóir coinbhéartaithe ábhartha agus an maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa a chur i bhfeidhm;

(iv) 

aon samhailpharaiméadar nó samhail-ionchur is ábhartha chun an t-ualú  ►C12  riosca ◄ a thuiscint agus méideanna na ►C12  neamhchosaint ◄ ar phriacal a leanann as, a nochtar thar líon leordhóthanach de ghráid oibleagáideora (lena n-áirítear mainneachtain) chun go bhféadtar an ►C12  riosca ◄ creidmheasa a dhifreáil go fóinteach;

(v) 

ar leithligh do na haicmí ►C12  neamhchosaint ◄ sin a bhfuair institiúidí cead ina leith a LGDanna agus a bhfachtóirí coinbhéartaithe féin a úsáid chun méideanna ►C12  neamhchosaint ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a ríomh, agus do ►C12  neamhchosainta ◄ nach n-úsáideann na hinstitiúidí meastacháin den sórt sin ina leith, na luachanna dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) faoi réir an cheada sin;

(h) 

meastacháin na n-institiúidí ar PDanna maidir le dóchúlacht mainneachtana i gcomparáid leis an ráta mainneachtana iarbhír do gach aicme ►C12  neamhchosaint ◄ le linn tréimhse níos faide, agus nochtadh ar leithligh a dhéanamh ar raon na dóchúlachta mainneachtana, ar choibhéis na rátála seachtraí, ar mheán ualaithe agus ar mheán uimhríochtúil na dóchúlachta mainneachtana, ar líon na n-oibleagáideoirí ag deireadh na bliana roimhe sin agus ag deireadh na bliana atáthar a athbhreithniú, ar líon na bhféichiúnaithe a mhainnigh, lena n-áirítear na hoibleagáideoirí nua a mhainnigh, agus ar an meánráta bliantúil stairiúil mainneachtana.

Chun críocha phointe (b) den Airteagal seo, bainfidh institiúidí úsáid as an luach ►C12  neamhchosainta ◄ mar a shainmhínítear in Airteagal 166.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.