+Airteagal 490 Ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 lena ngabhann dreasacht fuascailte
---+Airteagal 490 1.
---+Airteagal 490 2.
---+Airteagal 490 3.
---+Airteagal 490 4.
---+Airteagal 490 5.
---+Airteagal 490 6.
|
Airteagal 490 Ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 lena ngabhann dreasacht fuascailte
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 490 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 62 agus Airteagal 63, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, maidir le hítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháiligh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (f) nó le pointe (h) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE agus ina gcuimsítear ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha rogha le dreasacht don institiúid iad a fhuascailt,
►C2
beidh siad faoi réir an Airteagail seo. ◄
|
|
Airteagal 490 2.
|
Cáileoidh na hítimí mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is roimh an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
(b)
níor fheidhmigh an institiúid an rogha;
(c)
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ón 1 Eanáir 2013.
|
|
Airteagal 490 3.
|
Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus cáileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
(b)
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;
(c)
comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
|
|
Airteagal 490 4.
|
Ní cháileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 ón 1 Eanáir 2013 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
▼B
(a)
is idir an 31 Nollaig 2011 agus an 1 Eanáir 2013 amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
(b)
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;
(c)
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 60 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
|
|
Airteagal 490 5.
|
Cáileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 a bhfuil aithint laghdaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 484(5) go dtí dáta a n-aibíochta iarbhír, agus ní cháileoidh siad ina dhiaidh sin mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
(b)
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta a n-aibíochta iarbhír;
(c)
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
|
|
Airteagal 490 6.
|
Cáileoidh ítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 484(5), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin amháin a bhí an institiúid in ann rogha le dreasacht fuascailte a fheidhmiú;
(b)
níor fheidhmigh an institiúid an rogha ar dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí;
(c)
ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 ó dháta aibíochta iarbhír na n-ítimí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|