+Airteagal 5 1.

Airteagal 5 1.

Cuirfear toirmeasc ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:

(a) 

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é lena n-imscartar teicnící fo-thairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó teicnící ionramhála nó meabhlacha d’aon ghnó, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht duine nó grúpa daoine a shaobhadh go hábhartha trí chumas an duine a lagú go suntasach i dtaobh cinneadh feasach a dhéanamh, rud a chuirfeadh faoi deara dóibh cinneadh a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin, do dhuine eile nó do ghrúpa daoine, nó ar dócha le réasún gurb é is cúis léi sin;

(b) 

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar dhuine nádúrtha nó ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas nó staid shonrach shóisialta nó eacnamaíoch, agus é de chuspóir nó d’éifeacht iompar an duine sin nó duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

▼M1

(ba) 

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a ghineann nó a ionramhálann íomhánna, físeáin, fuaim nó ábhar comhchosúil de bhaill collaí duine nádúrtha in-sainaitheanta nó de dhuine nádúrtha in-sainaitheanta atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáirsiúla, gan toiliú sonrach, feasach, gan débhrí agus sainráite a bheith tugtha faoi shaoirse ag an duine sin don ghiniúint nó don ionramháil sin;

(bb) 

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é ghineann nó a ionramhálann ábhar nó taibhiú de réir bhrí Airteagal 2, pointí (c) agus (e), de Threoir 2011/93/AE, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag cosaint “gan cheart” faoin dlí náisiúnta;

▼B

(c) 

córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun meastóireacht nó aicmiú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh i gcaitheamh tréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta atá ar eolas, intuigthe nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:

(i) 

caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;

(ii) 

caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine nach bhfuil údar léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta nó le tromchúis na hiompraíochta sin;

(d) 

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun a mheas nó a thuar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion coiriúil bunaithe ar phróifíliú duine nádúrtha, agus air sin amháin, nó ar mheasúnú a dhéanamh ar a thréithe agus a shaintréithe pearsantachta; ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear chun tacú leis an measúnú daonna ar rannpháirtíocht duine i ngníomhaíocht choiriúil atá bunaithe cheana féin ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíocht choiriúil;

(e) 

córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI;

(f) 

córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun mothúcháin duine nádúrtha a thuiscint i réimsí an ionaid oibre agus na n-institiúidí oideachais, ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid an chórais intleachta saorga a chur ar bun nó a chur isteach sa mhargadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta;

(g) 

córais catagóirithe bhithmhéadraigh a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid ar córais iad lena ndéantar daoine nádúrtha aonair a aicmiú bunaithe ar a sonraí bithmhéadracha chun cine, tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, saol gnéis nó gnéaschlaonadh a dhéanamh amach nó a thuiscint; ní chumhdaítear faoin toirmeasc sin aon lipéadú ná scagadh ar thacair sonraí bithmhéadracha a fuarthas go dleathach, amhail íomhánna, bunaithe ar shonraí bithmhéadracha nó catagóiriú sonraí bithmhéadracha i réimse fhorfheidhmiú an dlí;

(h) 

córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a bheith á n-úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:

(i) 

cuardach spriocdhírithe a dhéanamh ar íospartaigh shonracha a bhaineann le fuadach, gáinneáil ar dhaoine nó teacht i dtír gnéasach ar dhaoine, chomh maith le daoine atá ar iarraidh a chuardach;

(ii) 

garbhagairt shonrach shubstaintiúil ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc nó fíorbhagairt láithreach nó fíorbhagairt intuartha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;

(iii) 

logánú nó sainaithint duine a bhfuil amhras faoi go ndearna sé cion coiriúil, chun críoch imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pionós coiriúil a fhorghníomhú i leith na gcionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 4 bliana, ar a laghad.

Tá pointe (h) den chéad fhomhír gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.