+Airteagal 46 Údaráis inniúla
---+Airteagal 46 (a)
---+Airteagal 46 (b)
---+Airteagal 46 (c)
---+Airteagal 46 (d)
---+Airteagal 46 (e)
---+Airteagal 46 (f)
---+Airteagal 46 (g)
---+Airteagal 46 (h)
---+Airteagal 46 (i)
---+Airteagal 46 (j)
---+Airteagal 46 (k)
---+Airteagal 46 (l)
---+Airteagal 46 (m)
---+Airteagal 46 (n)
---+Airteagal 46 (o)
---+Airteagal 46 (p)
---+Airteagal 46 (q)
|
Airteagal 46 Údaráis inniúla
Gan dochar do na forálacha maidir leis an gCreat Formhaoirseachta le haghaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla dá dtagraítear i gCaibidil V, Roinn II, den Rialachán seo, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo, is iad na húdaráis inniúla seo a leanas a áiritheoidh é sin i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha ábhartha dlí:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 (a)
|
i gcás institiúidí creidmheasa agus i gcás institiúidí atá díolmhaithe de bhun Threoir 2013/36/AE, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin, agus i gcás institiúidí creidmheasa a aicmítear a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, BCE i gcomhréir leis na cumhachtaí agus na cúraimí a thugtar leis an Rialachán sin;
|
|
Airteagal 46 (b)
|
i gcás institiúidí íocaíochta, lena n-áirítear institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366, institiúidí ríomh-airgid, lena n-áirítear iad siúd atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE, agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Threoir (AE) 2015/2366, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2015/2366;
|
|
Airteagal 46 (c)
|
i gcás gnólachtaí infheistíochta, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);
|
|
Airteagal 46 (d)
|
i gcás soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar a údaraítear faoi an Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní agus eisitheoirí licíní sócmhainn-tagartha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir leis an bhforáil ábhartha den Rialachán sin;
|
|
Airteagal 46 (e)
|
i gcás taisclanna lárnacha urrús, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;
|
|
Airteagal 46 (f)
|
i gcás contrapháirtithe lárnacha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 46 (g)
|
i gcás ionaid trádála agus soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;
|
|
Airteagal 46 (h)
|
i gcás stórtha trádála, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
Airteagal 46 (i)
|
i gcás bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 44 de Threoir 2011/61/AE;
|
|
Airteagal 46 (j)
|
i gcás cuideachtaí bainistíochta, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;
|
|
Airteagal 46 (k)
|
i gcás gnóthais árachais agus athárachais, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2009/138/CE;
|
|
Airteagal 46 (l)
|
i gcás idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2016/97;
|
|
Airteagal 46 (m)
|
i gcás institiúidí um sholáthar pinsean ceirde, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir (AE) 2016/2341;
|
|
Airteagal 46 (n)
|
i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009;
|
|
Airteagal 46 (o)
|
i gcás riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) 2016/1011;
|
|
Airteagal 46 (p)
|
i gcás soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2020/1503;
|
|
Airteagal 46 (q)
|
i gcás stórtha urrúsúcháin, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 14(1) de Rialachán (AE) 2017/2402.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R2554
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|