+Airteagal 14 2.

Airteagal 14 2.

Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:

(a) 

fógra luathrabhaidh faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas fúithi, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;

(b) 

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra leochaileachta, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoin táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál ginearálta an tsaothraithe agus na leochaileachta lena mbaineann chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;

(c) 

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis beart ceartaitheach nó maolaitheach a bheith ar fáil, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

tuairisc ar an leochaileacht, lena n-áirítear a déine agus a tionchar;

(ii) 

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis maidir le haon ghníomhaí mailíseach a shaothraigh nó a shaothraíonn an leochaileacht;

(iii) 

mionsonraí faoin nuashonrú slándála nó faoi bhearta ceartaitheacha eile a cuireadh ar fáil chun an leochaileacht a leigheas.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.