+Airteagal 60 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
---+Airteagal 60 (1)
---+Airteagal 60 (2)
---+Airteagal 60 (3)
---+Airteagal 60 (4)
---+Airteagal 60 (5)
---+Airteagal 60 (6)
---+Airteagal 60 (7)
|
Airteagal 60 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 (1)
|
leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtí lárnach struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) .
(*2) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2011, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"
|
|
|
Airteagal 60 (2)
|
leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Déanfaidh contrapháirtí lárnach beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, ina mbeidh beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a chuirtear ar bun agus a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 san áireamh, arb é is aidhm dóibh a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh a chomhlíonadh.”;
|
|
(b)
|
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“3. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus MargaíÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonraítear ábhar agus ceanglais íosta an bheartais leanúnachais gnó agus an phlean athshlánaithe ó thubaiste, seachas beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste.”;
|
|
|
Airteagal 60 (3)
|
in Airteagal 56(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“3. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar, seachas i gcás na gceanglas i ndáil le bainistíocht rioscaí TFC, mionsonraí an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 1.”;
|
|
Airteagal 60 (4)
|
in Airteagal 79, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
“1. Sainaithneoidh stór trádála na foinsí riosca oibríochtúil go léir agus déanfaidh sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 .
2. Déanfaidh stór trádála beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, lena n-áirítear beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a chuirtear ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh a chomhlíonadh.”;
|
|
Airteagal 60 (5)
|
in Airteagal 80, scriostar mír 1.
|
|
Airteagal 60 (6)
|
in Iarscríbhinn I, leasaítear Roinn II mar a leanas:
|
(a)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
“(a)
|
sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach sainaithníonn sé foinsí riosca oibríochtúil nó nach ndéanann sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554. ;
|
|
(b)
|
sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil, agus oibleagáidí an stóir trádála a chomhlíonadh;”;
|
|
|
(b)
|
scriostar pointe (c).
|
|
|
Airteagal 60 (7)
|
leasaítear Iarscríbhinn III mar seo a leanas:
|
(a)
|
leasaítear Roinn II mar a leanas:
|
(i)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
“(c)
|
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(3) mura ndéanann sé struchtúr eagraíochtúil a chothabháil nó a oibriú lena n-áirithítear leanúnachas agus feidhmiú ordúil i bhfeidhmiú a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí nó mura mbaineann sé úsáid as córais, acmhainní nó nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 .”;
|
|
|
(ii)
|
scriostar pointe (f).
|
|
|
(b)
|
i Roinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
“(a)
|
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 34(1) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean freagartha agus athshlánaithe i gcás tubaiste arna gcur ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme nó a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí CPL a chomhlíonadh, lena gceadaítear ar a laghad na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin ionas gur féidir leis an CPL leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta;”.
|
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R2554
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|