+Airteagal 13 Comhar idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
---+Airteagal 13 7.
---+Airteagal 13 8.
---+Airteagal 13 9.

Airteagal 13 Comhar idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i ndlúthchomhar le chéile chun críocha a ndualgas de bhun na Treorach seo agus Rialachán Uimh. 2019/2033, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú faoi ghnólachtaí infheistíochta, gan mhoill, lena n‐áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

struchtúr bainistíochta agus úinéireachta an ghnólachta infheistíochta;

(b) 

an gnólacht infheistíochta na ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh;

(c) 

ceanglais riosca chomhchruinnithe agus ceanglais leachtachta na gnólachta infheistíochta a bheith á gcomhlíonadh;

(d) 

nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus sásraí rialaithe inmheánacha an ghnólachta infheistíochta;

(e) 

aon ní eile is féidir a imreoidh tionchar ar an riosca a bhaineann leis an ngnólacht infheistíochta.

Airteagal 13 2.
Tabharfaidh údaráis inniúla láithreach an Bhallstáit baile d'údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh aon fhaisnéis agus aon chonclúidí a bhaineann le haon fhadhbanna nó aon rioscaí féideartha a bhaineann le gnólacht infheistíochta i leith cosaint cliant nó cobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát óstach a shainaithneoidh siad agus iad i mbun maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta.
Airteagal 13 3.
Gníomhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile i ndáil le haon faisnéis a thabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh dóibh, trí na bearta uile is gá a dhéanamh chun na fadhbanna nó na rioscaí féideartha dá dtagraítear i mír 2 a sheachaint nó a leigheas. Má iarrtar é, míneoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar bhealach mionsonraithe d'údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh conas a chuir siad san áireamh an fhaisnéis agus na conclúidí a thug údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.
Airteagal 13 4.
I gcás, tar éis sholáthar na faisnéise agus na gconclúidí dá dtagraítear i mír 2, ina measfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh nach ndearna údaráis inniúla an Bhallstáit baile na bearta is gá dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tar éis dóibh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, ÚBE agus ÚEUM a chur ar an eolas, bearta iomchuí a dhéanamh chun cliaint a chosaint a gcuirtear seirbhísí ar fáil dóibh nó chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur ar aghaidh chuig ÚBE cásanna inar diúltaíodh d'iarraidh ar chomhar, go háirithe iarraidh maidir le faisnéis a mhalartú, nó nár tugadh aghaidh uirthi laistigh de thráth réasúnach. Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚBE gníomhú, i dtaca leis na cásanna sin, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Féadfaidh ÚBE cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla freisin teacht ar chomhaontú faoi fhaisnéis a mhalartú faoin Airteagal seo ar a thionscnamh féin i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

Airteagal 13 5.
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nach n‐aontóidh le bearta údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, féadfaidh siad an cás a chur faoi bhráid ÚBE agus gníomhóidh ÚBE i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. I gcás ina ngníomhóidh ÚBE i gcomhréir leis an Airteagal sin, glacfaidh sé a chinneadh faoi cheann aon mhí amháin.
Airteagal 13 6.
Chun críche measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll i bpointe (c)den chéad fhomhír d'Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil Bhallstát baile an chomhalta imréitigh faisnéis a chur ar fáil maidir leis tsamhail corrlaigh agus leis na paraiméadair a úsáidtear chun ceanglas corrlaigh an ghnólachta infheistíochta ábhartha a ríomh.
Airteagal 13 7.
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ceanglais maidir le cineál agus saghas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a shonrú.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 13 8.
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú maidir leis na ceanglais comhroinnte faisnéise d'fhonn an mhaoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta a éascú.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 13 9.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.