+Airteagal 28 An ról atá ag an gcomhlacht bainistíochta i mbainistiú riosca
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.

Airteagal 28 An ról atá ag an gcomhlacht bainistíochta i mbainistiú riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfaidh comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta agus go n‐athbhreithneoidh sé go tráthrialta na straitéisí agus na beartais maidir le fonn riosca an ghnólachta infheistíochta sin agus maidir le bainistiú, faireachán agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil nó is féidir a mbeidh an gnólacht infheistíochta ar a neamhchosaint orthu, agus iad ag cur san áireamh an timpeallacht maicreacnamaíochta agus timthriall gnó an ghnólachta infheistíochta.
Airteagal 28 2.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfidh an bord bainistíochta a dhóthain ama ar a áirithiú go gcuirfear san áireamh go hiomchuí na gnóthaí dá dtagraítear i mír 1 agus gur leor na hacmhainní a shannfaidh sé do bhainistiú na rioscaí ábhartha uile a bhfuil an gnólacht infheistíochta ar a neamhchosaint orthu.
Airteagal 28 3.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na gnólachtaí infheistíochta línte tuairiscithe leis an gcomhlacht bainistíochta le haghaidh na rioscaí ábhartha uile agus na mbeartas bainistithe riosca uile agus aon athruithe a thiocfaidh orthu.
Airteagal 28 4.
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin uile nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 32(4) coiste riosca a bhunú ina mbeidh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nach bhfeidhmíonn aon fheidhm feidhmiúcháin sa ghnólacht infheistíochta lena mbaineann.

Beidh an t‐eolas, na scileanna agus an saineolas iomchuí ag comhaltaí an choiste riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun straitéis riosca agus fonn riosca an ghnólachta infheistíochta a thuiscint go hiomlán, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Áireoidh siad go dtabharfaidh an coiste riosca comhairle don chomhlacht bainistíochta faoi fhonn riosca agus straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta san am i láthair agus sa todhchaí agus go dtabharfaidh sé cúnamh don chomhlacht bainistíochta maoirsiú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme a dhéanfaidh an lucht bainistíochta sinsearach ar an straitéis sin. Coinneoidh an comhlacht bainistíochta an fhreagracht fhoriomlán as straitéisí agus beartais riosca an ghnólachta infheistíochta.

Airteagal 28 5.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag an gcomhlacht bainistíochta, ina cháil maoirseoireachta, agus ag coiste riosca an chomhlachta bainistíochta sin, i gcás inar bunaíodh coiste riosca, ar an bhfaisnéis faoi na rioscaí a bhfuil nó is féidir a mbeidh an gnólacht infheistíochta ar ris orthu, nó a bhféadfadh siad a bheith ar ris orthu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.