|
+Airteagal 32 5. |
Airteagal 32 5.De mhaolú ar phointe (a) de mhír 4, féadfaidh Ballstát an tairseach dá dtagraítear sa phointe sin a mhéadú ar choinníoll go gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na critéir seo a leanas:
(a)
níl an gnólacht infheistíochta ar cheann de na trí ghnólacht infheistíochta is mó ó thaobh luach iomlán sócmhainní sa Bhallstát sin ina bhfuil siad bunaithe;
(b)
níl an gnólacht infheistíochta faoi réir oibleagáidí nó tá sé faoi réir oibleagáidí simplithe i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;
(c)
is ionann méid ghnó leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus EUR 150 milliún nó is lú ná sin é;
(d)
is ionann méid ghnó díorthach an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus EUR 100 milliún nó is lú ná sin é;
(e)
ní mó ná EUR 300 milliún an tairseach; agus
(f)
is iomchuí an tairseach a mhéadú, agus aird á tabhairt ar chineál agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, ar a eagar inmheánach, agus, i gcás inarb infheidhme, ar shaintréithe an ghrúpa lena mbaineann sé. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|