+Airteagal 34 Maoirsiú ar na beartais luacha saothair
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.

Airteagal 34 Maoirsiú ar na beartais luacha saothair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 34 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a nochtadh i gcomhréir le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 mar aon leis an bhfaisnéis a sholáthair gnólachtaí infheistíochta i dtaobh na bearna pá idir na hinscní agus go n‐úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun treochtaí agus cleachtais luacha saothair a thagarmharcáil.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin do ÚBE.

Airteagal 34 2.
Úsáidfidh ÚBE an fhaisnéis a fuarthas ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 chun treochtaí agus cleachtais luacha saothair ar leibhéal an Aontais a thagarmharcáil.
Airteagal 34 3.
Eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte maidir le beartais luacha saothair fhónta a chur i bhfeidhm. Cuirfear san áireamh sna treoirlínte sin, ar a laghad, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 30 go 33 agus na prionsabail maidir le beartais luacha saothair fhónta a leagtar amach i Moladh 2009/384/CE.
Airteagal 34 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na gnólachtaí infheistíochta faisnéis do na húdaráis inniúla faoi líon na ndaoine nádúrtha in aghaidh an ghnólachta infheistíochta a fhaigheann luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais, i réimeanna ioncaim EUR 1 mhilliún, lena n‐áirítear faisnéis faoi chúraimí a bpoist, faoin réimse gnó lena mbaineann agus faoi phríomheilimintí an tuarastail, na mbónas, na sparánachtaí fadtéarmacha agus na ranníocaíochtaí pinsin.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na gnólachtaí infheistíochta, arna iarraidh sin orthu, figiúirí an luacha saothair iomláin le haghaidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach.

Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír ar aghaidh chuig ÚBE, agus foilseoidh ÚBE í ar bhonn comhiomlán de réir an Bhallstáit baile i bhformáid tuairiscithe choitinn. Féadfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte a eisiúint chun cur chun feidhme na míre seo a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a bhaileofar comhsheasmhach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.