|
+Airteagal 35 Tuarascáil ó ÚBE maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais |
Airteagal 35 Tuarascáil ó ÚBE maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachaisAirteagal 35 Tuarascáil ó ÚBE maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais Ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir le critéir theicniúla a thabhairt isteach a bhaineann le neamhchosaint ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go mór le cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) i dtaca leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta, d'fhonn foinsí agus éifeachtaí féideartha na rioscaí ar ghnólachtaí infheistíochta a mheasúnú, agus gníomhartha dlí an Aontais is infheidhme i réimse thacsanomaíocht ESG á gcur san áireamh. Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil ó ÚBE dá dtagraítear sa chéad mhír:
(a)
sainmhíniú ar rioscaí ESG, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí i leith aistrithe a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe agus lena n‐áirítear, maidir le rioscaí i leith aistrithe, rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní de dheasca athrú rialála, critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla agus méadrachtaí atá ábhartha chun rioscaí den sórt sin a mheasúnú, mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtarlódh rioscaí den sórt seo sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus ar an bhféidearthacht go mbeadh tionchar airgeadais ábhartha ag rioscaí den sórt sin ar ghnólacht infheistíochta;
(b)
measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go méadódh comhchruinnithe suntasacha de shócmhainní sonracha rioscaí ESG, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí i leith aistrithe do ghnólacht infheistíochta;
(c)
tuairisc ar na próisis trínar féidir le gnólacht infheistíochta rioscaí ESG, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí i leith aistrithe, a shainaithint, a mheasúnú, agus a bhainistiú;
(d)
na critéir, paraiméadair, agus méadrachtaí trínar féidir le maoirseoirí agus gnólachtaí infheistíochta tionchar na rioscaí ESG sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a mheasúnú chun críocha an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta. Cuirfidh ÚBE an tuarascáil ar a chuid torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, faoin 26 Nollaig 2021. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh ÚBE, más iomchuí, treoirlínte a ghlacadh chun critéir a thabhairt isteach maidir le rioscaí ESG le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta lena gcuirtear san áireamh torthaí na tuarascála ó ÚBE dá dtagraítear san Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|