|
+Airteagal 48 2. |
Airteagal 48 2.Cuirfidh na coláistí maoirseoirí creat ar fáil i leith an mhaoirseora grúpa, ÚBE agus na n‐údarás inniúil eile chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
(a)
na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 47;
(b)
an comhordú ar iarrataí faisnéise i gcás inar gá sin chun maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE)2019/2033;
(c)
an comhordú ar iarrataí faisnéise, i gcásanna nach mór do roinnt údarás inniúla de chuid gnólachtaí infheistíochta a bhaineann leis an ngrúpa céanna faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil Bhallstát baile an chomhalta imréitigh nó ar údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh, ar faisnéis í a bhaineann leis an tsamhail chorrlaigh agus leis na paraiméadair a úsáidtear chun ceanglais chorrlaigh na ngnólachtaí infheistíochta ábhartha a ríomh;
(d)
an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla uile agus le ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(e)
teacht ar chomhaontú faoin tarmligean deonach cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis inniúla, más iomchuí;
(f)
éifeachtúlacht na maoirseachta a mhéadú trí iarracht a dhéanamh dúbláil ceanglas maoirseachta nach bhfuil gá léi a sheachaint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|