|
+Airteagal 66 Athbhreithniú |
Airteagal 66 AthbhreithniúAirteagal 66 Athbhreithniú Faoin 26 Meitheamh 2024, cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEUM, tuarascáil, maille le togra reachtach más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
na forálacha maidir le luach saothair sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2034 agus i dTreoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE chomh maith, d'fhonn cothrom na féinne a bhaint amach do gach gnólacht infheistíochta atá gníomhach san Aontas, lena n‐áirítear cur i bhfeidhm na bhforálacha sin;
(b)
a oiriúnaí atá na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2034, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh;
(c)
measúnú, ina gcuirfear san áireamh an tuarascáil ó ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 35 agus an tacsanomaíocht i dtaca le maoiniú inbhuanaithe, maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
(i)
an mbreithneofar rioscaí ESG i dtaobh rialachas inmheánach an ghnóthais infheistíochta;
(ii)
an mbreithneofar rioscaí ESG i dtaobh bheartas luacha saothair an ghnólachta infheistíochta;
(iii)
an mbreithneofar rioscaí ESG agus rioscaí á láimhseáil; agus
(iv)
an gcuirfear rioscaí ESG san áireamh sa phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta.
(d)
éifeachtacht na socruithe roinnte faisnéise faoin Treoir seo;
(e)
comhar an Aontais agus na mBallstát le tríú tíortha i leith chur i bhfeidhm na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2034;
(f)
cur chun feidhme na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2034 maidir le gnólachtaí infheistíochta ar bhonn a struchtúir dhlíthiúil nó a samhla úinéireachta;
(g)
an bhfuil baol ann go mbainfeadh riosca saofa sa chóras airgeadais leis na gnólachtaí infheistíochta a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar, agus an fhéidearthacht uirlisí mascrastuamachta iomchuí a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin, agus a thiocfaidh in ionad cheanglais phointe (d) d'Airteagal 36(1) den Treoir seo;
(h)
na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|