|
+Airteagal 1 2. |
Airteagal 1 2.De mhaolú ar mhír 1, i dtaca le gnóthas infheistíochta arna údarú agus arna mhaoirsiú faoi Threoir 2014/65/AE a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm i gcás nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comhinfheistíochta ná gnóthas árachais é an gnóthas, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is ionann agus EUR 15 billiún nó is mó ná sin luach iomlán na sócmhainní comhdhlúite atá ag an ngnólacht infheistíochta, arna ríomh mar mheán na dhá mhí dhéag roimhe sin cé is moite de luach na sócmhainní aonair atá ag aon fhochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a ghabhann d'aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo;
(b)
is lú ná EUR 15 bhilliún luach iomlán na sócmhainní atá ag an ngnólacht infheistíochta, agus tá an gnólacht ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 15 bhilliún nó inar mó ná EUR 15 bhilliún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa ar lú ná EUR 15 bhilliún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus iad go léir ríofa mar mheán den 12 mhí roimhe sin, cé is moite de luach na sócmhainní aonair atá ag aon fhochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo; nó
(c)
tá an gnólacht infheistíochta faoi réir cinneadh de chuid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/2034. Na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear sa mhír seo, déanfar iad a mhaoirsiú i dtaca lena gcomhlíonadh ceanglais stuamachta atá i dTeideal VII agus Teideal VIII de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear chun an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh i gcás ina bhfuil gnólachtaí infheistíochta den sórt sin ina gcuid de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|