|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 maidir le Codanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Sé agus a Seacht, i gcás ina bhfuil feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
comhlíonann an gnólacht infheistíochta na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha;
(b)
comhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
is fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear ar bhonn comhdhlúite é leis an maoirseacht ar institiúid creidmheasa, ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(ii)
is fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear é i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta arna mhaoirsiú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 7;
(c)
tá an gnólacht infheistíochta agus a mháthairghnóthas araon faoi réir a n-údaraithe agus a maoirsithe ag an mBallstát céanna;
(d)
aontaíonn na húdaráis is inniúil maidir leis an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo le díolúine den sórt sin;
(e)
tá na cistí dílse dáilte go leormhaith idir an máthairghnóthas agus an gnólacht infheistíochta, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(i)
ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná níl súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;
(ii)
le cead ón údarás inniúil roimh ré, dearbhaíonn an máthairghnóthas go ráthaíonn sé gealltanais an ghnólachta infheistíochta nó go bhfuil rioscaí an ghnólachta infheistíochta diomaibhseach;
(iii)
cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais an gnólacht infheistíochta; agus
(iv)
tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal an ghnólachta infheistíochta i seilbh an mháthairghnóthais nó tá sé de cheart aige formhór na gcomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta a cheapadh nó a chur as oifig. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|