+Airteagal 7 Comhdhlúthú stuamachta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
|
Airteagal 7 Comhdhlúthú stuamachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Sé agus a Seacht ar bhonn a staide comhdhlúite. Bunóidh an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí de chuid an mháthairghnóthais sin atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil cuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá iomchuí d'fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí is gá don chomhdhlúthú a phróiseáil go cuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh an máthairghnóthas go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú cuí a áirithiú.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Chun crocha mhír 1 den Airteagal seo, agus Cuid a Dó á cur chun feidhme ar bhonn comhdhlúthaithe, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i dTeideal II de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le gnólachtaí infheistíochta. Chun na críche sin, agus forálacha Airteagal 84(1), Airteagal 85(1) agus Airteagal 87(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur chun feidhme, ní bheidh feidhm ach ag na tagairtí d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus léifear ina dhiaidh sin iad mar thagairtí do na ceanglais cistí dílse a leagtar amach faoi na forálacha comhfhreagracha sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Cúig ar bhonn a staideanna comhdhlúite.
|
|
Airteagal 7 4.
|
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh údaráis inniúla an máthairghnólacht a díolmhú ón mír sin a chomhlíonadh, agus cineál, scála agus castacht an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sonraí raon feidhme agus modhanna a shonrú chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh ar ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, go háirithe chun an ceanglas maidir le forchostais sheasta, an ceanglas maidir le híosmhéid sheasta, agus an ceanglas K-fhactóirí a ríomh ar bhonn staid comhdhlúite an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, agus an modh agus na sonraí riachtanacha chun mír 2 a chur chun feidhme i gceart. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|