+Airteagal 8 An tástáil caipitil grúpa
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
|
Airteagal 8 An tástáil caipitil grúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 7, féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm an Airteagail seo a cheadú i gcás struchtúir grúpa a mheastar a bheith simplí go leor, ar choinníoll nach mbíonn rioscaí suntasacha ann do chliaint nó don mhargadh a eascraíonn ón ngrúpa gnólachtaí infheistíochta ina iomláine a mbeadh maoirseacht ag teastáil uaidh ar bhonn comhdhlúite murach sin. Cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas nuair a cheadaíonn siad cur i bhfeidhm an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “ionstraimí cistí dílse” cistí dílse mar a shainítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, gan na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1), pointe (d) d'Airteagal 56, agus pointe (d) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm;
(b)
beidh feidhm ag na téarmaí “gnólacht infheistíochta”, “institiúid infheistíochta”, “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” agus “gníomhaire faoi cheangal” maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainmhínithe na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh i seilbh máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus aon mháthairghnóthais eile ar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí infheistíochta, gnóthais seirbhísí coimhdeacha nó gníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta iad, leordhóthain ionstraimí cistí dílse chun suim na nithe seo a leanas a chlúdach:
(a)
suim an luacha iomláin, de réir na leabhar, atá ar a sealúchais uile, éilimh fho-ordaithe agus ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1), i bpointe (d) d'Airteagal 56, agus i bpointe (d) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngnólachtaí infheistíochta, in institiúidí airgeadais, i ngnóthais seirbhísí coimhdeacha agus i ngníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta; agus
(b)
méid iomlán a ndliteanas teagmhasach uile i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla ligean do mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó do mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus aon mháthairghnóthas eile ar gnólacht infheistíochta, institiúid infheistíochta, gnóthas seirbhísí coimhdeacha nó gníomhaire faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta é, méid cistí dílse is ísle ná an méid arna ríomh de réir mhír 3 a bheith ina seilbh, ar choinníoll nach ísle an méid sin ná suim na gceanglas cistí dílse atá, ar bhonn aonair, ar a ghnólachtaí fochuideachta infheistíochta, institiúidí fochuideachta airgeadais, gnóthais fochuideachta seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí fochuideachta faoi cheangal, agus méid iomlán aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar na n-eintiteas sin. Chun críocha na míre seo, na ceanglais cistí dílse do ghnóthais fochuideachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá suite i dtríú tíortha, beidh na ceanglais sin ina gceanglais bharúlacha cistí dílse lena n-áiritheofar leibhéal sásúil stuamachta chun na rioscaí a eascraíonn ó na gnóthais fochuideachta sin a chumhdach, arna bhformheas ag na húdaráis inniúla ábhartha.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Beidh córais i bhfeidhm ag máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhoinsí caipitil agus cistithe na ngnólachtaí infheistíochta, na gcuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, na gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, na n-institiúidí airgeadais, na ngnóthas seirbhísí coimhdeachta agus na ngníomhairí faoi cheangal laistigh den ghrúpa gnólachtaí infheistíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|