+Airteagal 12 Gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.

Airteagal 12 Gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.

Measfar go bhfuil gnólachtaí infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha chun críocha an Rialacháin seo i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

gur lú ná EUR 1,2 billiún AUM arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 17;

(b) 

gur lú COH arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20 ná ceann de na nithe seo a leanas:

(i) 

EUR 100 milliún in aghaidh an lae i gcás trádálacha in airgead tirim; nó

(ii) 

EUR 1 bhilliún in aghaidh an lae i gcás díorthach;

(c) 

gurb é nialas ASA arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 19;

(d) 

gurb é nialas CMH arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 18;

(e) 

gurb é nialas DFT arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33;

(f) 

gurb é nialas NPR nó CMG arna thomhas i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 23;

(g) 

gurb é nialas TCD arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 26;

(h) 

gur lú ná EUR 100 milliún méid iomlán laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta;

(i) 

is lú ná EUR 30 milliún é ollioncam iomlán bliantúil an ghnólachta infheistíochta ó sheirbhísí infheistíochta agus ó ghníomhaíochtaí an gnólachta infheistíochta, arna ríomh mar mheán, ar bhonn na bhfigiúirí bliantúla don tréimhse dhá bhliain díreach roimh an mbliain airgeadais ar leith.

De mhaolú ar na forálacha i dTeideal II, chun críocha phointí (a), (b), (c), (e), (f), a mhéid a bhaineann an pointe sin le NPR, agus (g) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag luachanna ag deireadh an lae.

Chun críocha phointe (f) den chéad fhomhír, a mhéid a bhaineann an pointe sin le CMG, beidh feidhm ag luachanna ionlae.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, agus gan dochar d'Airteagal 16(9) de Threoir 2014/65/AE agus Airteagail 2 agus 4 de Threoir Tarmligthe (AE) 2017/593, beidh feidhm ag luachanna ionlae, seachas i gcás ina raibh earráid ann sa choimeád taifead nó sa réiteach cuntas a thugann le fios go mícheart go bhfuil an tairseach nialais dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo sáraithe ag gnólacht infheistíochta agus a réitítear í roimh dheireadh an lae ghnó. Cuirfidh an gnólacht infheistíochta an earráid sin, maille leis an gcúis a bhí léi agus leis an gcúis ar ceartaíodh í, in iúl don údarás inniúil gan mhoill.

Chun críocha phointí (h) agus (i) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag na leibhéil ag deireadh na bliana airgeadais deireanaí a tugadh i gcrích agus a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta. I gcás nár tugadh cuntais i gcrích agus nár formheasadh iad tar éis tréimhse sé mhí ó dheireadh na bliana deireanaí airgeadais, úsáidfidh gnólacht infheistíochta cuntais shealadacha.

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta na luachanna faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a thomhas trí úsáid a bhaint as na modhanna a shonraítear faoi Theideal II, ach amháin go ndéanfar an tomhas le linn tréimhse 12 mhí, gan na trí luach mhíosúla is déanaí a eisiamh. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a roghnaíonn an modh tomhais sin in iúl don údarás inniúil dá réir agus cuirfidh siad an modh a roghnaíodh i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach gairide ná 12 mhí as a chéile.

Airteagal 12 2.
Na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (h) agus (i) de mhír 1, beidh feidhm acu ar bhonn comhcheangailte i gcás na ngnólachtaí infheistíochta uile ar cuid de ghrúpa iad. Chun críoch ollioncam iomlán bliantúil dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1 a thomhas, féadfaidh na gnólachtaí infheistíochta sin aon chomhaireamh dúbailte a eisiamh a fhéadfaidh a eascairt i dtaca le hollioncam a ghintear laistigh den ghrúpa.

Na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c) go (g) de mhír 1, beidh feidhm acu maidir le gach gnólacht infheistíochta ar bhonn aonair.

Airteagal 12 3.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 a thuilleadh, ní mheasfar a thuilleadh gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é, le héifeacht láithreach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach bhfuil an gnólacht infheistíochta ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (h) nó (i) de mhír 1 a thuilleadh, ach go bhfuil sé fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointí (c) go (g) den mhír sin, ní mheasfar a thuilleadh gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é tar éis tréimhse trí mhí, arna ríomh ón dáta ar sáraíodh an tairseach. Cuirfidh an gnólachta infheistíochta in iúl don údarás inniúil gan moill mhíchuí maidir le haon sárú ar thairseach.

Airteagal 12 4.
I gcás gnólacht infheistíochta nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 comhlíonta aige a dhéanann iad a chomhlíonadh ina dhiaidh sin, measfar gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é i ndiaidh tréimhse shé mhí ón dáta a gcomhlíontar na coinníollacha sin ar choinníoll nár tharla aon sárú ar thairseach le linn na tréimhse sin agus má chuir an gnólacht infheistíochta an méid sin in iúl don údarás inniúil dá réir gan mhoill.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.