+Airteagal 17 AUM a thomhas chun críche K-AUM a ríomh
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.

Airteagal 17 AUM a thomhas chun críche K-AUM a ríomh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Chun críche K-AUM a ríomh, is éard a bheidh in AUM meánluach rollach na sócmhainní iomlána míosúla faoi bhainistiú, arna thomhas ar an lá gnó deireanach de gach ceann de na 15 mhí roimhe sin arna thiontú san airgeadra feidhmiúil a bheidh ag na heintitis ag an am sin, diomaite de na trí luach mhíosúla is déanaí.

Is éard a bheidh in AUM meán uimhríochtúil na 12 luach mhíosúla atá fágtha.

Ríomhfar K-AUM laistigh ar an gcéad lá gnó de gach mí.

Airteagal 17 2.
I gcás ina bhfuil bainistiú na sócmhainní tarmligthe go foirmiúil ag an ngnólacht infheistíochta chuig eintiteas airgeadais eile, cuirfear na sócmhainní sin san áireamh i méid iomlán an AUM arna thomhas i gcomhréir le mír 1.

I gcás ina bhfuil bainistiú sócmhainní tarmligthe go foirmiúil ag eintiteas airgeadais eile chuig an ngnólacht infheistíochta, eisiafar na sócmhainní sin ón méid iomlán sa sócmhainní faoi bhainistiú arna thomhas i gcomhréir le mír 1.

I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta ag bainistiú sócmhainní ar feadh tréimhse is lú ná 15 mhí, nó ina ndearna sé amhlaidh ar feadh tréimhse is faide ná sin mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha agus go sáraíonn sé anois an tairseach le haghaidh AUM, úsáidfidh sé sonraí stairiúla le haghaidh AUM don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil chun K-AUM a ríomh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.