|
+Airteagal 34 1. |
Airteagal 34 1.Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, déanfaidh ÚBE, ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus thorthaí Ghrúpa Saineolais Ardleibhéil an Choimisiúin maidir le hAirgeadas Inbhuanaithe, measúnú ar cibé an mbeadh bonn cirt ó thaobh na stuamachta de ann do láimhseáil stuamachta tiomanta ar na sócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí a ngabhann, ar dhóigh shubstaintiúil, cuspóirí comhshaoil nó sóisialta leo, i bhfoirm K-fhachtóirí coigeartaithe nó comhéifeachtaí K-fhachtóirí coigeartaithe. Go háirithe, déanfaidh ÚBE measúnú ar na nithe seo leanas:
(a)
roghanna modheolaíochta chun a mheas cé chomh neamhchosanta atá aicmí sócmhainní ar ghníomhaíochtaí a ngabhann cuspóirí comhshaoil nó sóisialta go substaintiúil leo;
(b)
próifílí riosca sonracha ar shócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí a ngabhann cuspóirí comhshaoil nó sóisialta leo;
(c)
rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní mar gheall ar athruithe rialála amhail maolú ar an athrú aeráide;
(d)
na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag láimhseáil stuamachta ar shócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí lena ngabhann, ar dhóigh shubstaintiúil, cuspóirí comhshaoil nó sóisialta maidir le cobhsaíocht airgeadais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|