+Airteagal 54 Ceanglais um thuairisciú
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
|
Airteagal 54 Ceanglais um thuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
Tuairisceoidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis uile sa a leanas do na húdaráis inniúla ar bhonn ráithiúil:
(a)
leibhéal agus comhdhéanamh na gcistí dílse;
(c)
ríomhanna na gceanglas cistí dílse;
(d)
an leibhéal gníomhaíochta i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), lena n-áirítear an clár comhardaithe agus miondealú ar an ioncam de réir seirbhís infheistíochta agus an K-fhachtóra is infheidhme;
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, is ar bhonn bliantúil a chuirfidh siad isteach na tuarascálacha sin.
|
|
Airteagal 54 2.
|
Áireofar ar an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe (e) de mhír 1 na leibhéil riosca seo a leanas agus déanfar í a thuairisciú do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar a laghad:
(a)
leibhéal an riosca comhchruinnithe a bhaineann le mainneachtain contrapháirtithe agus le suíomhanna leabhair trádála, ar bhonn contrapháirtí aonair agus ar bhonn comhiomlán araon;
(b)
leibhéal an riosca comhchruinnithe i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa, na gnólachtaí infheistíochta agus na heintitis eile a bhfuil airgead cliant ina seilbh;
(c)
leibhéal an riosca comhchruinnithe i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa, na gnólachtaí infheistíochta agus na heintitis eile ina gcuirtear urrúis cliant i dtaisce;
(d)
leibhéal an riosca comhchruinnithe i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa ina bhfuil airgead tirim i dtaisce ag an ngnólacht infheistíochta; agus
(e)
leibhéal an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as tuilleamh;
(f)
leibhéal an riosca comhchruinnithe mar a chuirtear síos air i bpointí (a) go (e) arna ríomh trí shócmhainní cuntais agus ítimí atá lasmuigh den chlár comhordaithe a chur san áireamh freisin nach bhfuil taifead orthu sa leabhar trádála chomh maith leis na neamhchosaintí a eascraíonn as suíomhanna leabhair trádála.
Chun críocha na míre seo, cuimsíonn na téarmaí “institiúid creidmheasa” agus “gnólachtaí infheistíochta” gnóthais phríobháideacha nó phoiblí, lena n-áirítear brainsí gnóthas den sórt sin, ar choinníoll gurbh éard a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, agus ar choinníoll gur tugadh údarú do na gnóthais sin i dtríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh ceangal ar ghnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha an fhaisnéis a shonraítear i bpointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú agus, sa mhéid gur deonaíodh díolúine i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 43(1), i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 54 3.
|
Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal seo, ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(b)
na dátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na treoracha gaolmhara ina gcuirfear síos ar an dóigh leis na formáidí sin a úsáid.
Na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad achomair agus comhréireach le cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochta na ngnólachtaí infheistíochta, ag cur san áireamh an difríocht i leibhéal mionsonraithe na faisnéise arna cur isteach ag gnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1). Forbróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 26 Nollaig 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|