+Airteagal 57 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
---+Airteagal 57 6.

Airteagal 57 Forálacha idirthréimhseacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 57 1.
Beidh feidhm ag Airteagail 43 go 51 maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí ón 26 Meitheamh 2026.
Airteagal 57 2.
Go dtí an 26 Meitheamh 2026 nó go dtí an dáta a gcuirfear an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus cur chuige na samhla inmheánaí malartaí a leagtar amach i gCaibidil 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa chun críoch ceanglais cistí dílse, cibé acu is déanaí, déanfaidh gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630, a chur i bhfeidhm chun críche K-NPR a ríomh.
Airteagal 57 3.

De mhaolú ar phointí (a) agus (c) d'Airteagal 11(1), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta ceanglais cistí dílse níos ísle a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ón 26 Meitheamh 2021 arb ionann iad agus an méid seo a leanas:

(a) 

dhá oiread an cheanglais cistí dílse ábhartha a bheadh orthu de bhun Chaibidil 1 de Theideal I de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi réir Airteagal 93(1) den Rialachán sin, faoi threoir leibhéil an chaipitil tosaigh a shocraítear ag Teideal IV de Threoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878, dá leanfaidís de bheith faoi réir cheanglais cistí dílse an Rialacháin sin arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630; nó

(b) 

dhá oiread an cheanglais forchostas seasta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo, i gcás nach raibh an gnólacht infheistíochta ann an 26 Meitheamh 2021 nó roimhe sin.

Airteagal 57 4.

De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 11(1), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta ceanglais cistí dílse níos ísle a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ón 26 Meitheamh 2021 mar a leanas:

(a) 

féadfaidh gnólachtaí infheistíochta nach raibh faoi réir ach ceanglas caipitil tosaigh roimh an 26 Meitheamh 2021 na ceanglais cistí dílse atá orthu a theorannú chuig dhá oiread an cheanglais caipitil tosaigh is infheidhme a leagtar amach i dTeideal IV de Threoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878, diomaite de phointí (b) agus (c) d'Airteagal (1) agus Airteagal 31(2) faoi seach den Treoir sin;

(b) 

féadfaidh gnólachtaí infheistíochta a bhí ann roimh an 26 Meitheamh 2021 na híoscheanglais chaipitil bhuana atá orthu a theorannú do na ceanglais sin dá bhforáiltear in Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, faoi threoir leibhéil an chaipitil tosaigh a shocraítear le Teideal IV de Threoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878, ar ceanglais iad a bheadh infheidhme dá leanfadh an gnólachta infheistíochta de bheith faoi réir an Rialacháin sin, faoi réir méadú bliantúil de EUR 5 000 ar a laghad i méid na gceanglas sin i rith na tréimhse cúig bliana seo;

(c) 

gnólachtaí infheistíochta a bhí ann roimh an 26 Meitheamh 2021, nach bhfuil údaraithe na seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar, nach soláthraíonn ach ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí agus de na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus nach bhfuil cead acu airgead ná urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliant a bheith ina seilbh acu, agus nach bhféadfaidh, ar an ábhar sin, a bheith i bhfiacha leis na cliaint sin tráth ar bith, féadfaidh na gnólachtaí sin a n-íoscheanglas caipitil buan a theorannú do EUR 50 000 , faoi réir méadú bliantúil de EUR 5 000 5 000 ar a laghad i rith na tréimhse cúig bliana seo.

Airteagal 57 5.
Na maoluithe a leagtar amach i mír 4, scoirfidh siad d'fheidhm a bheith acu i gcás ina gcuirfear síneadh le húdarú gnólachta infheistíochta an 26 Meitheamh 2021, nó dá éis sin, agus, dá thoradh sin, beidh méid níos mó de chaipiteal tosaigh de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir(AE) 2019/2034.
Airteagal 57 6.
De mhaolú ar Airteagal 11, gnólachtaí infheistíochta a bhí ann roimh an 25 Nollaig 2019 agus a dhéileálann ar a gcuntais féin ar mhargaí todhchaíochtaí nó roghanna airgeadais nó díorthaigh eile agus ar mhargaí airgid thirim chun críche fálú a dhéanamh ar shuíomhanna ar mhargaí díorthach, agus chun na críche sin amháin, nó a dhéileálann do chuntais ball eile de na margaí sin agus atá ráthaithe ag baill imréitigh de chuid na margaí céanna, i gcás ina nglacfaidh baill imréitigh na margaí céanna freagracht as feidhmíocht na gconarthaí a dhéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú, féadfaidh na gnólachtaí sin na ceanglais cistí dílse atá orthu a theorannú ar feadh tréimhse cúig bliana ón 26 Meitheamh 2021 chuig EUR 250 000 ar a laghad, faoi réir méadú bliantúil de EUR 100 000 ar a laghad i rith na tréimhse cúig bliana seo.

Is cuma má bhaineann nó mura mbaineann gnólacht infheistíochta dá dtagraítear sa mhír seo úsáid as an maolú sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 4 maidir leis an ngnólacht infheistíochta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.