+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
ciallaíonn “creidiúnaí” institiúid creidmheasa a d’eisigh creidmheas, nó ceannaitheoir creidmheasa;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
ciallaíonn “iasachtaí” duine dlítheanach nó nádúrtha a thug comhaontú creidmheasa i gcrích le hinstitiúid creidmheasa, lena n-áirítear a comharba dlíthiúil nó a sannaí;
|
|
Airteagal 3 (4)
|
ciallaíonn “comhaontú creidmheasa” comhaontú mar a eisíodh, a modhnaíodh nó ar cuireadh comhaontú eile ina ionad ar dtús, trína ndeonaíonn institiúid creidmheasa creidmheas i bhfoirm íocaíochta iarchurtha, iasachta nó garaíochta airgeadais eile den chineál céanna.
|
|
Airteagal 3 (5)
|
ciallaíonn “comhaontú seirbhísithe creidmheasa” conradh i scríbhinn arna thabhairt i gcrích idir ceannaitheoir creidmheasa agus seirbhíseoir creidmheasa maidir leis na seirbhísí atá le soláthar ag an seirbhíseoir creidmheasa thar ceann an cheannaitheora creidmheasa;
|
|
Airteagal 3 (6)
|
ciallaíonn “ceannaitheoir creidmheasa” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas institiúid creidmheasa, a cheannaíonn cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, i gcaitheamh a thrádála, a ghnó nó a ghairme, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme;
|
|
Airteagal 3 (7)
|
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí creidmheasa” tríú páirtí a úsáideann seirbhíseoir creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh;
|
|
Airteagal 3 (8)
|
ciallaíonn “seirbhíseoir creidmheasa” duine dlítheanach a bhainistíonn agus a fhorfheidhmíonn, i gcaitheamh a ghnó, na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, thar ceann ceannaitheoir creidmheasa, agus a dhéanann ar a laghad gníomhaíocht seirbhísithe creidmheasa amháin nó níos mó;
|
|
Airteagal 3 (9)
|
ciallaíonn “gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa” ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a)
|
aon íocaíochtaí a bheidh dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú creidmheasa féin a bhailiú nó a aisghabháil ón iasachtaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
|
|
(b)
|
aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin, a athchaibidliú leis an iasachtaí, i gcomhréir leis na treoracha a thugann an ceannaitheoir creidmheasa, i gcás nach idirghabhálaí creidmheasa é an seirbhíseoir creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (f), de Threoir 2008/48/CE nó in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir 2014/17/AE;
|
|
(c)
|
aon ghearáin a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a riar;
|
|
(d)
|
aon athruithe ar rátaí úis nó ar mhuirir nó aon íocaíochtaí atá dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a chur in iúl don iasachtaí;
|
|
|
Airteagal 3 (10)
|
ciallaíonn “Ballstát baile”, maidir le seirbhíseoir creidmheasa, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite nó, maidir le ceannaitheoir creidmheasa, an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an gceannaitheoir creidmheasa nó ar a ionadaí, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;
|
|
Airteagal 3 (11)
|
ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát, cé is moite den Bhallstát baile, ina bhfuil brainse bunaithe ag seirbhíseoir creidmheasa nó ina soláthraíonn sé gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, agus in aon chás ina bhfuil sainchónaí ar an iasachtaí, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;
|
|
Airteagal 3 (12)
|
ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcomhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin;
|
|
Airteagal 3 (13)
|
ciallaíonn “comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach” comhaontú creidmheasa a aicmítear mar risíocht neamhthuillmheach i gcomhréir le hAirteagal 47a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|