+Airteagal 12 Seachfhoinsiú ag seirbhíseoir creidmheasa
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
|
Airteagal 12 Seachfhoinsiú ag seirbhíseoir creidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbainfidh seirbhíseoir creidmheasa úsáid as soláthraí seirbhísí creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, go leanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa de bheith lánfhreagrach as na hoibleagáidí uile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh. Beidh seachfhoinsiú na ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
comhaontú seachfhoinsithe i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa faoina bhfuil sé de cheangal ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa na forálacha dlíthiúla is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;
|
|
(b)
|
tá toirmeasc ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa uile a sheachfhoinsiú ag an am céanna chuig soláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(c)
|
ní dhéantar an caidreamh conarthach atá idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an ceannaitheoir creidmheasa ná oibleagáidí an tseirbhíseora creidmheasa i leith an cheannaitheora creidmheasa nó i leith iasachtaithe a athrú de bharr an chomhaontaithe seachfhoinsithe leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(d)
|
ní dhéantar difear don mhéid a chomhlíonann seirbhíseoir creidmheasa ceanglais a údaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) trí sheachfhoinsiú a dhéanamh ar chuid dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;
|
|
(e)
|
ní chuireann an seachfhoinsiú chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa cosc ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla ar sheirbhíseoir creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 21;
|
|
(f)
|
tá rochtain dhíreach ag an seirbhíseoir creidmheasa ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsítear chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(g)
|
tar éis comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, tá an saineolas agus na hacmhainní ag an seirbhíseoir creidmheasa chun bheith in ann na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa seachfhoinsithe a sholáthar.
|
Ní dhéanfar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú ar bhealach a dhéanfadh dochar do cháilíocht rialú inmheánach an tseirbhíseora creidmheasa, nó d’fhóntacht nó do leanúnachas a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas, sula ndéanfaidh sé a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa taifid ar threoracha ábhartha a sholáthraítear don soláthraí seirbhísí creidmheasa a choimeád agus a chothabháil, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme, agus taifid ar an gcomhaontú seachfhoinsithe dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndéantar an comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, nó ar feadh na tréimhse teorann reachtúla is infheidhme sa Bhallstát, ach i gceachtar cás suas le huastréimhse 10 mbliana.
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh cead ag soláthraithe seirbhísí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|