1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbainfidh seirbhíseoir creidmheasa úsáid as soláthraí seirbhísí creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, go leanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa de bheith lánfhreagrach as na hoibleagáidí uile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh. Beidh seachfhoinsiú na ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
comhaontú seachfhoinsithe i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa faoina bhfuil sé de cheangal ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa na forálacha dlíthiúla is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;
|
|
(b)
|
tá toirmeasc ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa uile a sheachfhoinsiú ag an am céanna chuig soláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(c)
|
ní dhéantar an caidreamh conarthach atá idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an ceannaitheoir creidmheasa ná oibleagáidí an tseirbhíseora creidmheasa i leith an cheannaitheora creidmheasa nó i leith iasachtaithe a athrú de bharr an chomhaontaithe seachfhoinsithe leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(d)
|
ní dhéantar difear don mhéid a chomhlíonann seirbhíseoir creidmheasa ceanglais a údaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) trí sheachfhoinsiú a dhéanamh ar chuid dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;
|
|
(e)
|
ní chuireann an seachfhoinsiú chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa cosc ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla ar sheirbhíseoir creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 21;
|
|
(f)
|
tá rochtain dhíreach ag an seirbhíseoir creidmheasa ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsítear chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(g)
|
tar éis comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, tá an saineolas agus na hacmhainní ag an seirbhíseoir creidmheasa chun bheith in ann na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa seachfhoinsithe a sholáthar.
|
Ní dhéanfar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú ar bhealach a dhéanfadh dochar do cháilíocht rialú inmheánach an tseirbhíseora creidmheasa, nó d’fhóntacht nó do leanúnachas a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.