5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo, cúnamh a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar bhrainse atá curtha ar bun i mBallstát óstach, nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa atá ceaptha i mBallstát óstach. Déanfar an chigireacht ar an láthair ar bhrainse nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht.