+Airteagal 14 Maoirseacht ar sheirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7
---+Airteagal 14 8
---+Airteagal 14 9
---+Airteagal 14 10
---+Airteagal 14 11
---+Airteagal 14 12
|
Airteagal 14 Maoirseacht ar sheirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile athbhreithniú agus meastóireacht ar an dóigh a mbíonn ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh go leanúnach ag seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstát óstach.
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhíseoirí creidmheasa, iad a imscrúdú agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur orthu i leith cheanglais na Treorach seo agus a ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu i mBallstát óstach.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile na bearta a rinneadh i leith an tseirbhíseora creidmheasa a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann seirbhíseoir creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstát óstach, go n-oibreoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, i ndlúthchomhar le chéile i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas, go háirithe agus seiceálacha, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo, cúnamh a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar bhrainse atá curtha ar bun i mBallstát óstach, nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa atá ceaptha i mBallstát óstach. Déanfar an chigireacht ar an láthair ar bhrainse nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht.
|
|
Airteagal 14 6
|
6. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i dteideal cinneadh a dhéanamh i leith na mbeart is iomchuí atá le déanamh i ngach cás ar leith chun freagairt don iarraidh ar chúnamh ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile.
|
|
Airteagal 14 7
|
7. I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh thar ceann údaráis inniúla an Bhallstáit baile, cuirfidh siad torthaí na gcigireachtaí sin in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile.
|
|
Airteagal 14 8
|
8. Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh i leith gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthraítear laistigh dá gcríoch ag seirbhíseoir creidmheasa atá údaraithe i mBallstát baile ar a dtionscnamh féin. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh torthaí na seiceálacha, na gcigireachtaí agus na n-imscrúduithe sin a sholáthar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan mhoill.
|
|
Airteagal 14 9
|
9. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa laistigh dá chríoch, dá bhforáiltear in Airteagal 13, na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear oibleagáidí a eascraíonn as na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, maidir leis an seirbhíseoir creidmheasa faoin dlí náisiúnta, eadhon iad sin is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa.
|
|
Airteagal 14 10
|
10. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, nó sna rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, ná do chumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas chun pionóis a fhorchur, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.
|
|
Airteagal 14 11
|
11. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon nós imeachta riaracháin nó nós imeachta eile a tionscnaíodh i leith na fianaise a sholáthair an Ballstát óstach, nó aon phionóis riaracháin nó bearta ceartaitheacha a rinneadh i gcoinne an tseirbhíseora creidmheasa, nó cinneadh réasúnaithe a bhí le gan aon bhearta a dhéanamh, a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a tharchur an fhianaise tráth nach déanaí ná 2 mhí ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 9. I gcás ina dtionscnaítear nós imeachta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go rialta faoina stádas.
|
|
Airteagal 14 12
|
12. I gcás ina leanann seirbhíseoir creidmheasa de na rialacha is infheidhme a shárú, lena n-áirítear a oibleagáidí faoin Treoir seo, agus tar éis d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an Ballstát baile a chur ar an eolas faoi sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i dteideal pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha iomchuí a fhorchur chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo nuair a bheidh feidhm ag ceachtar de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
ní dhearna an seirbhíseoir creidmheasa bearta leormhaithe agus éifeachtacha chun an sárú a chur ina cheart laistigh de thréimhse réasúnta ama; nó
|
|
(b)
|
i gcás práinneach, tá gá le gníomhaíocht láithreach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach do chomhleasanna na n-iasachtaithe.
|
Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorchur d’ainneoin aon phionóis riaracháin agus aon bhearta ceartaitheacha atá forchurtha cheana ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile.
Anuas air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí breise de chuid seirbhíseora creidmheasa a sháraíonn na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear a oibleagáidí faoin Treoir seo, go dtí go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh leormhaith nó go dtí go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa bearta chun an sárú a leigheas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|