9. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa laistigh dá chríoch, dá bhforáiltear in Airteagal 13, na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear oibleagáidí a eascraíonn as na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, maidir leis an seirbhíseoir creidmheasa faoin dlí náisiúnta, eadhon iad sin is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa.