1. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid a shonrú a bheidh le húsáid ag institiúidí creidmheasa chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a sholáthar, chun faisnéis mhionsonraithe maidir lena risíochtaí creidmheasa sa leabhar baincéireachta a sholáthar do cheannaitheoirí creidmheasa chun anailís, dícheall cuí airgeadais agus luacháil a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.