8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 i bhfeidhm freisin maidir le haistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, chuig institiúidí creidmheasa eile. Bainfidh institiúidí creidmheasa úsáid as na teimpléid sonraí chun faisnéis a sholáthar idir institiúidí creidmheasa i gcásanna nach n-aistrítear ach cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.