2. I gcás ina gceapfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 eintiteas seachas an t-eintiteas a dtugtar fógra ina leith faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra faoi sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar a dhéanaí ar dháta an athraithe sin agus cuirfidh sé in iúl céannacht agus seoladh an eintitis nua atá ceaptha aige chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le cearta aistrithe an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.