+Airteagal 20 Aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach,nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag ceannaitheoir creidmheasa agus cumarsáid leis na húdaráis inniúla
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
|
Airteagal 20 Aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach,nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag ceannaitheoir creidmheasa agus cumarsáid leis na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1
|
1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, a thraschuireann cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas ar bhonn débhliantúil faoi aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nua agus, i gcás inarb infheidhme, faoina ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 nó, i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin, faoi na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
céannacht an cheannaitheora creidmheasa nua nó, i gcás inarb infheidhme, céannacht a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an cheannaitheora creidmheasa nua nó a ionadaí agus céannacht na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa nua nó ina ionadaí ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
|
|
(b)
|
seoladh an cheannaitheora creidmheasa nua nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh an ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19.
|
Ina theannta sin, cuirfidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna na-aistriú;
|
|
(b)
|
líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;
|
|
(c)
|
an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.
|
|
|
Airteagal 20 2
|
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 a chur de cheangal ar cheannaitheoirí creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a n-ionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar ar bhonn ráithiúil nuair a mheasann na húdaráis inniúla sin go bhfuil gá leis, lena n-áirítear chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar líon mór aistrithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ghéarchéime.
|
|
Airteagal 20 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir leis na míreanna sin a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa nua.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|