1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 8, 13, 14, 15, 18, 20 agus 22 i gcomhar le chéile nuair is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh nó chun a gcumhachtaí a fheidhmiú faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin comhordú ar a ngníomhaíochtaí freisin chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus cumhachtaí maoirseachta agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha á gcur i bhfeidhm acu maidir le cásanna trasteorann.