3. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bhfaisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis inniúla agus iad i mbun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoin Treoir seo, nach n-úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a dhéanamh. Beidh an malartú faisnéise idir údaráis inniúla faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).