+Airteagal 27 (2)
|
Airteagal 27 (2)
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 16a
Riaráistí agus forfheidhmiú
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí forfheidhmiúcháin. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:
|
(a)
|
athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;
|
|
(b)
|
modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:
|
(i)
|
síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;
|
|
(ii)
|
an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;
|
|
(iii)
|
íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;
|
|
(iv)
|
an ráta úis a athrú;
|
|
(v)
|
sos íocaíochta a thairiscint;
|
|
(vi)
|
aisíocaíochtaí páirteacha;
|
|
(viii)
|
maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.
|
|
2. Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás ina gceadaítear don chreidiúnaí muirir a eascraíonn as an mainneachtain a shainiú agus a fhorchur ar an tomhaltóir, nach mbeidh na muirir sin níos mó ná an méid is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as costais a thabhaigh sé mar thoradh ar an mainneachtain.
4. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit uasteorainn ar na muirir sin.”;
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|