+Airteagal 27 Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE
---+Airteagal 27 (1)
---+Airteagal 27 (2)
---+Airteagal 27 (3)
|
Airteagal 27 Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE
Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 (1)
|
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 11a
Faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a mhodhnú
Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir:
|
(a)
|
tuairisc shoiléir ar na hathruithe atá molta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí;
|
|
(b)
|
clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;
|
|
(c)
|
na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);
|
|
(d)
|
an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;
|
|
(e)
|
ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar féidir leis an tomhaltóir an gearán sin a chur faoina bhráid.”;
|
|
|
Airteagal 27 (2)
|
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 16a
Riaráistí agus forfheidhmiú
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí forfheidhmiúcháin. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:
|
(a)
|
athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;
|
|
(b)
|
modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:
|
(i)
|
síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;
|
|
(ii)
|
an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;
|
|
(iii)
|
íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;
|
|
(iv)
|
an ráta úis a athrú;
|
|
(v)
|
sos íocaíochta a thairiscint;
|
|
(vi)
|
aisíocaíochtaí páirteacha;
|
|
(viii)
|
maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.
|
|
2. Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás ina gceadaítear don chreidiúnaí muirir a eascraíonn as an mainneachtain a shainiú agus a fhorchur ar an tomhaltóir, nach mbeidh na muirir sin níos mó ná an méid is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as costais a thabhaigh sé mar thoradh ar an mainneachtain.
4. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit uasteorainn ar na muirir sin.”;
|
|
Airteagal 27 (3)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1):
“1. A mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Mar sin féin, ní chuirfear cosc, le hAirteagal 16a(3) agus (4), ar na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil ná a thabhairt isteach chun tomhaltóirí a chosaint.”.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|