|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, an méid seo a leanas a fhíorú:
(a)
i gcás nach institiúid chreidmheasa ná gnólacht infheistíochta é an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh atá bunaithe san Aontas, faoi mar a shainmhínítear institiúid chreidmheasa agus gnólacht infheistíochta i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir sin agus na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán seo;
(b)
i gcás ina bhfuil an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar creidmheas a dheonú ar bhonn measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí;
(c)
i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe san Aontas, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuirtear an choinneáil riosca in iúl don infheisteoir institiúideach i gcomhréir le hAirteagal 7;
(d)
i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha nach mbeidh, i gcás ar bith, níos lú ná 5 % arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuireann sé an choinneáil riosca in iúl d’infheisteoirí institiúideacha;
(e)
go mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7 curtha ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir nó ag an SSPE, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis an minicíocht agus leis na módúlachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin;
(f)
i gcás neamhchosaintí neamhthuillmheacha, go gcuirtear caighdeáin fhónta i bhfeidhm agus neamhchosaintí á roghnú agus á bpraghsáil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|