+Airteagal 8 Toirmeasc ar ath-urrúsú
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
|
Airteagal 8 Toirmeasc ar ath-urrúsú
Toirmeasc ar ath-urrúsú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Ní cheadaítear suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú. De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
aon urrúsú ar eisíodh a chuid urrús roimh an 1 Eanáir 2019; agus
(b)
aon urrúsú, a bheidh le húsáid chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 ar eisíodh a chuid urrús roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh 1 Eanáir 2019.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Is féidir le húdarás inniúil a ainmníodh de bhun Airteagal 29(2), (3) nó (4), de réir mar is infheidhme, cead a thabhairt d’eintiteas faoina mhaoirseacht suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú i gcás ina measann an t-údarás inniúil gur chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo atá úsáid an ath-urrúsaithe. Maidir leis an eintiteas sin atá faoi mhaoirseacht, i gcás gur institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é, mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rachaidh an t-údarás inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcomhairle leis an údarás réitigh, agus le haon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, sula dtabharfar cead dó na suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú. Ní mhairfidh an comhairliúchán sin níos faide ná 60 lá ón dáta ar thug an t-údarás inniúil fógra don údarás réitigh, agus d’aon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, go raibh gá le comhairliúchán. I gcás gur cinneadh a bhí mar thoradh ar an gcomhairliúchán chun cead a thabhairt suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi sin do ÚEUM.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur críocha dlisteanacha iad na críocha seo a leanas:
(a)
foirceannadh institiúide creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais a éascú;
(b)
a áirithiú go mbeidh institiúid chreidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais ina gnóthas leantach inmharthana nó ina ghnóthas leantach inmharthana chun a foirceannadh nó a fhoirceannadh a sheachaint; nó
(c)
i gcás na neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí a bheith neamhthuillmheacha, leasanna na n-infheisteoirí a bhuanchoimeád.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Chun críocha an Airteagail seo, níor cheart a mheas gur ath-urrúsú é clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, ar choinníoll nach ath-urrúsú é aon cheann de na hidirbhearta ABCP laistigh den chlár sin agus nach mbunaítear an dara sraith de thráinsiú ar leibhéal an chláir leis an bhfeabhsú creidmheasa.
|
|
Airteagal 8 5.
|
D’fhonn na forbairtí sa mhargadh a léiriú i leith ath-urrúsuithe eile a ndearnadh chun críocha dlisteanacha, agus na cuspóirí uileghabhálacha maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le buanchoimeád leasanna na n-infheisteoirí á gcur san áireamh, is féidir le ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun liosta na gcríocha dlisteanacha atá leagtha amach i mír 3 a fhorlíonadh. Cuirfidh ÚBE aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|