|
+Airteagal 26b 7. |
Airteagal 26b 7.Le neamhchosaintí foluiteacha, comhlíonfar critéir incháilitheachta a bheidh réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe, ar critéir iad nach lamháilfear leo bainistiú gníomhach punainne a dhéanamh ar na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. Chun críocha na míre seo, maidir le hionadú neamhchosaintí lena ndéantar sárú ar uiríll nó ar bharántaí nó, i gcás ina n-áirítear tréimhse athshlánaithe san urrúsú, ní mheasfar na neamhchosaintí a chuirtear leis lena gcomhlíontar na coinníollacha athshlánaithe sainithe mar bhainistiú gníomhach punainne. Le haon neamhchosaint a chuirfear leis i ndiaidh dháta deiridh an idirbhirt, comhlíonfar critéir incháilitheachta atá chomh dian céanna leis na critéir a cuireadh i bhfeidhm le linn roghnú tosaigh na neamhchosaintí foluiteacha. Féadfar neamhchosaint fholuiteach a dhíchur ón idirbheart sna cásanna seo a leanas maidir leis an neamhchosaint fholuiteach sin:
(a)
aisíocadh ina hiomláine í nó d’aibigh sí ar shlí eile;
(b)
diúscraíodh í le linn ghnáthchúrsa gnó an tionscnóra, ar choinníoll nach ionann an diúscairt sin agus tacaíocht intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 250 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(c)
tá sí faoi réir leasú nach bhfuil faoi thionchar creidmheasa, amhail fiachas a athmhaoiniú nó a athstruchtúrú, agus ar leasú é a tharlaíonn le linn ghnáthchúrsa seirbhísithe na neamhchosanta foluití sin; nó
(d)
níor comhlíonadh léi na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh í san idirbheart. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|