+Airteagal 26d Ceanglais maidir le trédhearcacht
---+Airteagal 26d 1.
---+Airteagal 26d 2.
---+Airteagal 26d 3.
---+Airteagal 26d 4.
---+Airteagal 26d 5.
---+Airteagal 26d 6.
|
Airteagal 26d Ceanglais maidir le trédhearcacht
Ceanglais maidir le trédhearcacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26d 1.
|
Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais amhail sonraí maidir le faillí agus maidir le mainneachtain, i gcás neamhchosaintí atá comhchosúil go substaintiúil leis na neamhchosaintí atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. Leis na sonraí sin, cumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 26d 2.
|
Beidh sampla na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach ag páirtí iomchuí agus neamhspleách sula ndúnfar an t-idirbheart, lena n-áirítear fíorú go bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha incháilithe le haghaidh cosaint chreidmheasa faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa.
|
|
Airteagal 26d 3.
|
Déanfaidh an tionscnóir, roimh phraghsáil an urrúsaithe, samhail sreafa airgid i leith dliteanais a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha lena léirítear go cruinn an gaol conarthach atá ann idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus, i gcás inarb infheidhme, SSPE, agus, i ndiaidh na praghsála, cuirfidh an tionscnóir an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí ionchasacha arna hiarraidh sin.
|
|
Airteagal 26d 4.
|
I gcás urrúsú inarb iasachtaí cónaithe nó inarb iasachtaí nó léasanna gluaisteán na neamhchosaintí foluiteacha, foilseoidh an tionscnóir an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear le hiasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteán den sórt sin, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1). De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tionscnóirí, ón 1 Meitheamh 2021, a chinneadh an fhaisnéis atá ar fáil maidir le drochthionchair phríomha na sócmhainní arna maoiniú ag na neamhchosaintí foluiteacha ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 26d 5.
|
Beidh an tionscnóir freagrach as Airteagal 7 a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha arna hiarraidh sin roimh an bpraghsáil. Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) a chur ar fáil roimh an bpraghsáil, i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad. Déanfar an doiciméadacht deiridh a chur ar fáil do na hinfheisteoirí ar a dhéanaí 15 lá tar éis dhúnadh an idirbhirt.
|
|
Airteagal 26d 6.
|
Faoin 10 Iúil 2021, déanfaidh ÚMEnna, trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo, i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus le drochthionchair eile chomhshaoil agus shóisialta agus drochthionchair eile a bhaineann le rialachas. I gcás inarb ábhartha, leis na dreachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, léireofar na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt de bhun an tsainordaithe a tugadh do ÚMEnna i Rialachán (AE) 2019/2088, go háirithe in Airteagal 2a, agus in Airteagal 4(6) agus (7) de, nó tarraingeofar ar na caighdeáin sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|