|
+Airteagal 26e 1. |
Airteagal 26e 1.Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, cumhdófar ar a laghad na teagmhais chreidmheasa seo a leanas:
(a)
i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ráthaíochtaí, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 215(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as díorthaigh chreidmheasa, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 216(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfar gach teagmhas creidmheasa a dhoiciméadú. Maidir le bearta staonta de réir bhrí Airteagal 47b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha, ní dhéanfaidh siad cosc a chur ar theagmhais chreidmheasa incháilithe a spreagadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|