+Airteagal 26e Ceanglais maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí agus barrachas an raoin difríochta shintéisigh
---+Airteagal 26e 1.
---+Airteagal 26e 2.
---+Airteagal 26e 3.
---+Airteagal 26e 4.
---+Airteagal 26e 5.
---+Airteagal 26e 6.
---+Article 26e 7
---+Airteagal 26e 8.
---+Airteagal 26e 9.
---+Airteagal 26e 10.
|
Airteagal 26e Ceanglais maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí agus barrachas an raoin difríochta shintéisigh
Ceanglais maidir leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí agus barrachas an raoin difríochta shintéisigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26e 1.
|
Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, cumhdófar ar a laghad na teagmhais chreidmheasa seo a leanas:
(a)
i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ráthaíochtaí, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 215(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(b)
i gcás ina ndéantar an t-aistriú riosca a bhaint amach trí úsáid a bhaint as díorthaigh chreidmheasa, na teagmhais chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 216(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Déanfar gach teagmhas creidmheasa a dhoiciméadú. Maidir le bearta staonta de réir bhrí Airteagal 47b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha, ní dhéanfaidh siad cosc a chur ar theagmhais chreidmheasa incháilithe a spreagadh.
|
|
Airteagal 26e 2.
|
Maidir leis an íocaíocht cosanta creidmheasa tar éis do theagmhas creidmheasa tarlú, déanfar í a ríomh bunaithe ar an gcaillteanas réadaithe iarbhír a d’fhulaing an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh, arna oibriú amach i gcomhréir lena mbeartais chaighdeánacha agus lena nósanna imeachta caighdeánacha maidir le haisghabháil i gcás na gcineálacha ábhartha neamhchosaintí agus arna taifeadadh ina ráitis airgeadais tráth a dhéantar an íocaíocht. Beidh an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa iníoctha laistigh de thréimhse ama shonraithe tar éis oibriú amach an fhiachais i leith na neamhchosanta foluití ábhartha i gcás ina bhfuil oibriú amach an fhiachais curtha i gcrích roimh aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó roimh fhoirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. Déanfar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa 6 mhí ar a dhéanaí tar éis do theagmhas creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 tarlú i gcásanna nach bhfuil oibriú amach an fhiachais i leith na gcaillteanas don neamhchosaint fholuiteach ábhartha curtha i gcrích faoi dheireadh na tréimhse 6 mhí sin. Socrófar an íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa ar an gceann is airde ar a laghad díobh seo a leanas:
(a)
méid an chaillteanais ionchasaigh atá coibhéiseach leis an lagú arna thaifeadadh ag an tionscnóir ina ráitis airgeadais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme tráth a dhéantar an íocaíocht eatramhach, ag glacadh leis nach ann don chomhaontú cosanta creidmheasa agus nach gcumhdaítear aon chaillteanais leis;
(b)
i gcás inarb infheidhme, méid an chaillteanais ionchasaigh arna chinneadh i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás ina ndéantar íocaíocht eatramhach cosanta creidmheasa, déanfar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun an socrú eatramhach maidir le caillteanais a oiriúnú don chaillteanas réadaithe iarbhír. Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, sonrófar an modh chun íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh cosanta creidmheasa a ríomh. Beidh an íocaíocht cosanta creidmheasa comhréireach le sciar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosanta foluití comhfhreagraí a chumhdaítear leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa. Beidh ceart an tionscnóra i dtaca le híocaíocht cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe. Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, déanfar na méideanna atá iníoctha ag infheisteoirí faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a leagan amach go soiléir agus beidh teorainn leis na méideanna sin. Beifear in ann na méideanna sin a ríomh i ngach cúinse. Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, déanfar na cúinsí a leagan amach go soiléir faoina mbeidh ceanglas ar infheisteoirí íocaíochtaí a dhéanamh. Déanfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí dá dtagraítear i mír 4 measúnú i dtaobh ar tharla na cúinsí sin. Ríomhfar méid na híocaíochta cosanta creidmheasa ar leibhéal na neamhchosanta foluití aonair ar tharla teagmhas creidmheasa ina leith.
|
|
Airteagal 26e 3.
|
Sa chomhaontú cosanta creidmheasa, sonrófar an uastréimhse fadaithe a bheidh i bhfeidhm le haghaidh oibriú amach an fhiachais i leith na neamhchosaintí foluiteacha ar ina leith a tharla teagmhas creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ach nach bhfuil an oibriú amach an fhiachais curtha i gcrích ina leith tráth aibíocht dhlíthiúil sceidealaithe an chomhaontaithe cosanta creidmheasa nó tráth fhoirceannadh luath an chomhaontaithe cosanta creidmheasa. Ní bheidh tréimhse fadaithe den sórt sin níos faide ná 2 bhliain. Leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, forálfar go ndéanfar íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, faoi dheireadh na tréimhse fadaithe sin, ar bhonn mheastachán an tionscnóra maidir le caillteanas deiridh a chaithfeadh an tionscnóir a thaifeadadh ina ráitis airgeadais ag an tráth sin, ag glacadh leis nach ann don chomhaontú cosanta creidmheasa agus nach gcumhdaítear aon chaillteanais leis. I gcás ina ndéantar an comhaontú cosanta creidmheasa a fhoirceannadh, leanfar le hoibriú amach an fhiachais i leith aon teagmhas creidmheasa gan íoc a tharla roimh an bhfoirceannadh sin ar an gcaoi céanna agus a thuairiscítear sa chéad fhomhír. Déanfar na préimheanna cosanta creidmheasa atá le híoc faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa a struchtúrú ag brath ar mhéid ainmniúil gan íoc na neamhchosaintí tuillmheacha urrúsaithe tráth na híocaíochta agus léireofar leo riosca an tráinse chosanta. Chun na gcríoch sin, leis an gcomhaontú cosanta creidmheasa, ní shonrófar préimheanna ráthaithe, íocaíochtaí préimhe tosaigh, sásraí lacáiste nó sásraí eile a d'fhéadfadh leithdháileadh iarbhír caillteanas ar infheisteoirí a sheachaint nó a laghdú nó sciar de na préimheanna íoctha a íoc ar ais leis an tionscnóir tar éis aibíocht an idirbhirt. De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, ceadófar íocaíochtaí préimhe tosaigh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis an Státchabhair, i gcás ina ndéantar foráil shonrach maidir leis an scéim ráthaíochta i ndlí náisiúnta Ballstáit agus ina mbaineann sé leas as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I ndoiciméadacht an idirbhirt, tabharfar tuairisc ar an mbealach a ríomhtar an phréimh cosanta creidmheasa agus aon dearbháin nóta, más ann dóibh, i dtaca le gach dáta íocaíochta le linn shaolré iomlán an urrúsaithe. Beidh cearta na n-infheisteoirí i dtaca le préimheanna cosanta creidmheasa a fháil in-fhorfheidhmithe.
|
|
Airteagal 26e 4.
|
Déanfaidh an tionscnóir gníomhaire fíoraithe tríú páirtí a cheapadh roimh dháta deiridh an idirbhirt. I gcás gach neamhchosanta foluití a dtugtar fógra teagmhais creidmheasa ina leith, déanfaidh gníomhaire fíoraithe an tríú páirtí gach ceann de na nithe seo a leanas a fhíorú ar a laghad:
(a)
gur teagmhas creidmheasa mar a shonraítear i dtéarmaí an chomhaontaithe cosanta é an teagmhas creidmheasa dá dtagraítear san fhógra teagmhais creidmheasa;
(b)
gur áiríodh an neamhchosaint fholuiteach sa phunann tagartha tráth a tharla an teagmhas creidmheasa lena mbaineann;
(c)
gur comhlíonadh, leis an neamhchosaint fholuiteach, na critéir incháilitheachta tráth a áiríodh sa phunann tagartha í;
(d)
i gcás inar cuireadh neamhchosaint fholuiteach leis an urrúsú mar thoradh ar athshlánú, gur comhlíonadh, leis an athshlánú sin, coinníollacha an athshlánaithe;
(e)
go bhfuil méid an chaillteanais deiridh comhsheasmhach leis na caillteanais arna dtaifeadadh ag an tionscnóir ina ráiteas brabúis agus caillteanais;
(f)
go bhfuil, tráth a dhéantar an íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa, na caillteanais i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha leithdháilte i gceart ar na hinfheisteoirí.
Beidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, ar SSPE agus glacfaidh sé leis an gceapachán mar ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí faoi dháta deiridh an idirbhirt. Féadfaidh an gníomhaire fíoraithe tríú páirtí an fíorú a dhéanamh ar bhonn samplála seachas ar bhonn gach neamhchosanta foluití aonair dá n-iarrtar íocaíocht cosanta creidmheasa. Féadfaidh infheisteoirí fíorú incháilitheacht aon neamhchosanta foluití faoi leith a iarraidh, áfach, i gcás nach bhfuil siad sásta leis an bhfíorú ar bhonn samplála. I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireoidh an tionscnóir gealltanas go gcuirfidh sé an fhaisnéis uile is gá ar fáil don ghníomhaire fíoraithe tríú páirtí chun na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír a fhíorú.
|
|
Airteagal 26e 5.
|
Ní fhéadfaidh tionscnóir idirbheart a fhoirceannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis ach amháin sna teagmhais seo a leanas:
(a)
dócmhainneacht an infheisteora;
(b)
mainneachtain an infheisteora aon suimeanna a íoc atá dlite faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa nó sárú an infheisteora ar aon oibleagáid ábhartha a leagtar síos i ndoiciméid an idirbhirt;
(c)
teagmhais rialála ábhartha, lena n-áirítear:
(i)
athruithe ábhartha i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, athruithe ábhartha arna ndéanamh ag údaráis inniúla ar léirmhíniúcháin ar na dlíthe sin atá foilsithe go hoifigiúil, i gcás inarb infheidhme, nó athruithe ábhartha ar láimhseáil an idirbhirt ó thaobh cánachais nó cuntasaíochta de, athruithe a bhfuil éifeacht dhíobhálach ábhartha acu ar éifeachtúlacht eacnamaíoch idirbhirt, agus é sin, i ngach cás, i gcomparáid lena rabhthas ag súil leis tráth a rinneadh an t-idirbheart agus nárbh fhéidir a bheith ag súil go réasúnach leis an tráth sin;
(ii)
cinneadh ó údarás inniúil nach bhfuil cead, nó nach bhfuil cead a thuilleadh, ag an tionscnóir nó ag aon chleamhnaí de chuid an tionscnóra aistriú riosca creidmheasa shuntasaigh a aithint i gcomhréir le hAirteagal 245(2) nó (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis an urrúsú;
(d)
feidhm a bhaint as rogha chun an t-idirbheart a ghlaoch ag am ar leith (glao-ama), nuair a bheidh an tréimhse ama, arna tomhas ó dháta deiridh an idirbhirt, cothrom le meánré ualaithe na punainne tagartha tosaigh, nó níos mó ná sin, ag dáta deiridh an idirbhirt;
(e)
feidhm a bhaint as céadrogha ar cheannach farasbairr mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(f)
i gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe, ní cháilíonn an t-infheisteoir a thuilleadh mar sholáthraí cosanta incháilithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 8.
Le doiciméadacht an idirbhirt, sonrófar cibé an gcuirtear san áireamh san idirbheart lena mbaineann aon cheann de na cearta ar ghlaonna dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) agus an dóigh ina ndéantar cearta ar ghlaonna den sórt sin a struchtúrú. Chun críocha phointe (d), ní dhéanfar struchtúrú ar an nglao-ama ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa nó ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí ná ní dhéanfar é a struchtúrú ar bhealach eile lena soláthrófaí feabhsú creidmheasa. Nuair a bhaintear feidhm as an nglao-ama, déanfaidh na tionscnóirí fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, lena n-áirítear údar maith maidir le húsáid an ghlao-ama agus cuntas inchreidte lena léirítear nach meath ar cháilíocht na sócmhainní foluiteacha is cúis le feidhm a bhaint as an nglao. I gcás cosaint creidmheasa cistithe, tráth fhoirceannadh an chomhaontaithe cosanta creidmheasa, déanfar comhthaobhacht a thabhairt ar ais do na hinfheisteoirí in ord shinsearacht na dtráinsí faoi réir fhorálacha ábhartha an dlí dócmhainneachta, de réir mar is infheidhme maidir leis an tionscnóir.
|
|
Airteagal 26e 6.
|
Ní fhéadfaidh tionscnóirí idirbheart a fhoirceannadh roimh aibíocht sceidealaithe an idirbhirt sin ar aon chúis seachas mainneachtain an phréimh cosanta creidmheasa a íoc nó aon sárú ábhartha eile ag an tionscnóir ar oibleagáidí conarthacha.
|
|
Article 26e 7
|
The originator may commit synthetic excess spread, which shall be available as credit enhancement for the investors, where all of the following conditions are met:
(a)
the amount of the synthetic excess spread that the originator commits to using as credit enhancement at each payment period is specified in the transaction documentation and expressed as a fixed percentage of the total outstanding portfolio balance at the start of the relevant payment period (fixed synthetic excess spread);
(b)
the synthetic excess spread which is not used to cover credit losses that materialise during each payment period shall be returned to the originator;
(c)
for originators using the IRB Approach referred to in Article 143 of Regulation (EU) No 575/2013, the total committed amount per year shall not be higher than the one-year regulatory expected loss amounts on all underlying exposures for that year, calculated in accordance with Article 158 of that Regulation;
(d)
for originators not using the IRB Approach referred to in Article 143 of Regulation (EU) No 575/2013, the calculation of the one-year expected loss of the underlying portfolio shall be clearly determined in the transaction documentation;
(e)
the transaction documentation specifies the conditions laid down in this paragraph.
|
|
Airteagal 26e 8.
|
Beidh comhaontú cosanta creidmheasa i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:
(a)
ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-aistrítear an riosca creidmheasa chuig aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcáilíonn na neamhchosaintí i dtaca leis an infheisteoir le haghaidh ualú riosca de 0 % faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin;
(b)
ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Teideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhaineann tairbhe as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó
(c)
cosaint chreidmheasa eile nach dtagraítear di i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfoirm ráthaíochta, díorthach creidmheasa nó nótaí creidmheas-nasctha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil oibleagáidí an infheisteora urrúsaithe ag comhthaobhacht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 9 agus 10 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 26e 9.
|
Le cosaint chreidmheasa eile dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 8, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
is ceart in-fhorfheidhmithe é ceart an tionscnóra an chomhthaobhacht a úsáid chun oibleagáidí an infheisteora maidir le híocaíochtaí creidmheasa a chomhlíonadh, agus áirithítear in-fhorfheidhmitheacht an chirt sin trí shocruithe comhthaobhachta iomchuí;
(b)
is ceart in-fhorfheidhmithe é ceart na n-infheisteoirí, i gcás ina leachtaítear an t-urrúsú nó de réir mar a amúchtar na tráinsí, aon chomhthaobhacht a aisíoc nár baineadh úsáid aisti chun íocaíochtaí cosanta a dhéanamh;
(c)
i gcás ina n-infheistítear an chomhthaobhacht in urrúis, leagtar amach le doiciméadacht an idirbhirt na critéir incháilitheachta agus an socrú coimeádta maidir leis na hurrúis sin.
Sonrófar le doiciméadacht an idirbhirt cibé an bhfuil infheisteoirí fós neamhchosanta ar riosca creidmheasa an tionscnóra. Gheobhaidh an tionscnóir tuairim ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhneofar in-fhorfheidhmitheacht na cosanta creidmheasa i ngach dlínse ábhartha.
|
|
Airteagal 26e 10.
|
I gcás ina soláthraítear cosaint chreidmheasa eile i gcomhréir le pointe (c) de mhír 8 den Airteagal seo, rachaidh an tionscnóir agus an t-infheisteoir ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán, a bheidh i gceann amháin den dá rud seo a leanas:
(a)
comhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais a bhfuil ualach riosca 0 % orthu dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
tá uastréimhse aibíochta 3 mhí fós ag gabháil leis na hurrúis fiachais sin nach mbeidh níos faide ná an tréimhse atá fágtha go dtí an chéad dáta íocaíochta eile;
(ii)
is féidir na hurrúis fiachais sin a fhuascailt in airgead tirim i méid atá cothrom le hiarmhéid gan íoc an tráinse chosanta;
(iii)
tá na hurrúis fiachais sin i seilbh coimeádaí atá neamhspleách ar an tionscnóir agus ar na hinfheisteoirí;
(b)
comhthaobhacht i bhfoirm airgid thirim atá á coinneáil ag institiúid creidmheasa tríú páirtí lena mbaineann céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó os a cionn i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, faoi réir an toilithe shainráite i ndoiciméadacht deiridh an idirbhirt ag an infheisteoir tar éis a dhícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar aon neamhchosaint ábhartha ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí, is é an tionscnóir, agus an tionscnóir amháin, a fhéadfaidh dul ar iontaoibh comhthaobhachta d’ardchaighdeán i bhfoirm airgead tirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid, ar a laghad, le haghaidh chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa i gcomhréir leis an mapáil a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Féadfaidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 29(5), tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, comhthaobhacht a cheadú i bhfoirm airgid thirim i dtaisce leis an tionscnóir, nó le cleamhnaí dá chuid, má cháilíonn an tionscnóir nó cleamhnaí dá chuid le haghaidh chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar dheacrachtaí margaidh, ar bhaic oibiachtúla a bhaineann leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa arna sannadh ar an mBallstát den institiúid, nó ar fhadhbanna comhchruinnithe suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa Bhallstát lena mbaineann mar gheall ar chur i bhfeidhm íoscheanglas chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa dara fomhír. I gcás nach gcáilíonn an institiúid creidmheasa tríú páirtí ná an tionscnóir ná cleamhnaí dá chuid le haghaidh na céime íosta den cháilíocht chreidmheasa, aistreofar an chomhthaobhacht laistigh de 9 mí chuig institiúid creidmheasa tríú páirtí ag a bhfuil céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó níos airde nó déanfar an chomhthaobhacht a infheistiú in urrúis a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír. Measfar na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a bheith comhlíonta i gcás infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag an tionscnóir, i gcomhréir le hAirteagal 218 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm na gcleachtas maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh faoin Airteagal seo, agus aird ar leith á tabhairt ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais eile na n-infheisteoirí a eascraíonn as cleachtais den sórt sin maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh. Déanfaidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023. Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn na tuarascála sin de chuid ÚBE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an riosca carntha iomarcaigh de riosca creidmheasa an chontrapháirtí sa chóras airgeadais, in éineacht le togra reachtach chun an tAirteagal seo a leasú, más iomchuí.;
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|