|
+Airteagal 26e 8. |
Airteagal 26e 8.Beidh comhaontú cosanta creidmheasa i bhfoirm ceann díobh seo a leanas:
(a)
ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-aistrítear an riosca creidmheasa chuig aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 214(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcáilíonn na neamhchosaintí i dtaca leis an infheisteoir le haghaidh ualú riosca de 0 % faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin;
(b)
ráthaíocht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 4 de Teideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhaineann tairbhe as frithráthaíocht d’aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó
(c)
cosaint chreidmheasa eile nach dtagraítear di i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfoirm ráthaíochta, díorthach creidmheasa nó nótaí creidmheas-nasctha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 249 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go bhfuil oibleagáidí an infheisteora urrúsaithe ag comhthaobhacht lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 9 agus 10 den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|