Áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18 go hAirteagal 27 den Rialachán seo i bhfeidhm agus go ndéanfar iad a fhorfheidhniú i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
14
) agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé a chuid cumhachtaí idirghabhála sealadacha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.