|
+Airteagal 30 4. |
Airteagal 30 4.Mar chuid dá mhaoirseacht stuamachta i réimse an urrúsúcháin, déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán, de réir mar is infheidhme, ar an tiochar sonrach a imríonn rannpháirtíocht sa mhargadh urrúsúcháin ar chobhsaíocht na hinstitiúide airgeadais sin a fheidhmíonn mar iasachtóir bunaidh nó mar thionscnóir, urraitheoir nó infheisteoir agus cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh, gan dochar do rialáil earnálach níos déine:
(a)
méid na maolán caipitil;
(b)
méid na maolán leachtachta agus;
(c)
an riosca leachtachta d’infheisteoirí mar gheall ar neamhréir aibíochta idir a gcuid maoinithe agus infheistíochtaí. I gcásanna ina n-aithneoidh an t-údarás inniúil riosca ábhartha do chobhsaíocht airgeadais institiúid airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomlán, beag beann ar a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 36, gníomhóidh sé chun na rioscaí sin a mhaolú, tuairisceoidh sé a thorthaí don údarás ainmnithe atá inniúil maidir le hionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus don BERS. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|