+Airteagal 30 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
|
Airteagal 30 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo ag an údarás inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29(1) go (5).
|
|
Airteagal 30 2.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú go rialta ar na socruithe, próisis agus sásraí atá curtha chun feidhme ag tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis an athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
na próisis agus na sásraí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a thomhas i gceart agus a chaomhnú ar bhonn leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus bailiú agus nochtadh tráthúil na faisnéise uile atá le cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7;
(aa)
i gcás neamhchosaintí nach bhfuil mar chuid d’urrúsú NPE:
(i)
na critéir deonaithe creidmheasa arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí tuillmheacha i gcomhréir le hAirteagal 9;
(ii)
na caighdeáin fhónta do roghnú agus praghsáil arna gcur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí foluiteacha atá ina neamhchosaintí neamhthuillmheacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1);
(b)
i gcás urrúsuithe STS nach urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear go gcomhlíonfar Airteagal 20(7) go (12), Airteagal 21(7), agus Airteagal 22; agus
(c)
i gcás urrúsuithe STS ar urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear, maidir le hidirbhearta ABCP, go gcomhlíonfar comhlíonadh ceanglais Airteagal 24 agus, maidir le cláir ABCP, go gcomhlíonfar na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 26(7) agus (8);
(d)
i gcás urrúsuithe NPE, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagal 9(1) a áirithiú lena gcuirtear cosc ar aon drochúsáid den mhaolú dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 9(1); agus
(e)
i gcás urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, na próisis agus na sásraí chun comhlíonadh Airteagail 26b go 26e a áirithiú.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Ceanglóidh na húdaráis inniúla go ndéanfar meastóireacht agus go dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a eascraíonn as idirbhearta urrúsúcháin, lena n-áirítear rioscaí do chlú, trí bhearta iomchuí agus nósanna imeachta iomchuí de chuid tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Mar chuid dá mhaoirseacht stuamachta i réimse an urrúsúcháin, déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán, de réir mar is infheidhme, ar an tiochar sonrach a imríonn rannpháirtíocht sa mhargadh urrúsúcháin ar chobhsaíocht na hinstitiúide airgeadais sin a fheidhmíonn mar iasachtóir bunaidh nó mar thionscnóir, urraitheoir nó infheisteoir agus cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh, gan dochar do rialáil earnálach níos déine:
(b)
méid na maolán leachtachta agus;
(c)
an riosca leachtachta d’infheisteoirí mar gheall ar neamhréir aibíochta idir a gcuid maoinithe agus infheistíochtaí.
I gcásanna ina n-aithneoidh an t-údarás inniúil riosca ábhartha do chobhsaíocht airgeadais institiúid airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomlán, beag beann ar a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 36, gníomhóidh sé chun na rioscaí sin a mhaolú, tuairisceoidh sé a thorthaí don údarás ainmnithe atá inniúil maidir le hionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus don BERS.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar aon dul timpeall a d’fhéadfaí go ndéanfaí ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(2) agus áiritheoidh sé go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm mar gheall ar aon mhí-úsáid i gcomhréír le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.04.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R2402
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|